Help

Cad é an beartas maidir le do léamh méadair?

Maidir lenár léamh méadair

Bainimid úsáid as do léamh méadair chun do bhille a ríomh agus mar sin cinntímid go bhfuil ár mbeartas maidir le léamh méadair chomh soiléir agus is féidir.

Do mhéadar

Tá do sholáthar gáis á thomhas trí mhéadar arna shuiteáil agus arna chothabháil ag Gas Networks Ireland.

Tá do soláthar leictreachais á thomhas trí mhéadar arna shuiteáil agus arna chothabháil ag ESB Networks.


Do mhéadar a léamh

Faigheann tú sé bhille in aghaidh na bliana – ceann amháin gach dhá mhí*. Bíonn ceithre léamh méadair socraithe in aghaidh na bliana. Mar sin, bíonn ceithre cinn de do chuid billí bunaithe ar léamha iarbhír chomh fada is a bhíonn an léitheoir méadair in ann teacht ar do mhéadar. Bíonn an dá cheann eile bunaithe ar mheastacháin léamh méadair.

*Gheobhaidh custaiméirí a ídíonn níos mó ná 73,000 kWh in aghaidh na bliana bille ar bhonn míosúil.


Do bhille a ríomh

Déanaimid ríomh ar an bhfuinneamh a ídíonn tú bunaithe ar léamha méadair arna soláthar agatsa nó ag Gas Networks Ireland le haghaidh soláthair gháis, agus ag ESB Networks le haghaidh soláthair leictreachais.

Déantar é a ríomh ar mheastacháin freisin (bunaithe ar d'ídiú roimhe sin, nuair is féidir). Más mian leat billí measta a sheachaint, is féidir leat ár bhfoirm ar líne a chomhlíonadh chun do léamh méadair a leasú.


Léamha mícheart

Má chuireann tú léamh mícheart isteach chugainn, ná bíodh imní ort. Déanfaimid é sin a choigeartú ar do chéad bhille eile.


Úsáid nár cláraíodh

Má sholáthraímid gás duit, ach nach gcláraíonn do mhéadar é (mar gheall ar fhabht teicniúil, cur isteach neamhúdaraithe ar an méadar nó ar chúis éigin eile), beidh ort suim measta a íoc, bunaithe ar úsáid roimhe sin.

Beidh sé seo thart ar an méid a bheadh íoctha agat, dá mbeadh do mhéadar ag clárú go cruinn.


Ná bíodh aon leisce agat glaoch orainn ar 1800 372 372 má bhíonn ceist ar bith agat faoi léamh méadair.

Is féidir leat do léamh méadair a chur isteach chugainn ag baint úsáide as ár bhfoirm ar líne freisin.
  • Did this answer your question?