Leictreachas

Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta maidir le Leictreachas Cónaithe do gach custaiméir le héifeacht ón 17ú Meitheamh 2023

Is iad seo a leanas na príomhathruithe ar na téarmaí agus coinníollacha ginearálta:

  • Is ionann an tréimhse shuaimhnithe anois agus 30 lá do chonarthaí atá cláraithe ag d’áitreabh (Coinníoll 3)
  • Nuair a chuirimid custaiméirí ar an eolas faoi athruithe praghais nó athruithe amach anseo ar na téarmaí agus coinníollacha, cuirimid custaiméirí ar an eolas anois maidir leis an gceart deireadh a chur leis an gconradh (Coinníoll 7)
  • Cealú gach clásail ina n-eisiaitear ár ndliteanas nó lena dteorannaítear ár ndliteanas


1. Sainmhínithe
2. Díol agus Soláthar Leictreachais
3. Athrú Soláthróra
4. Méadrú agus billeáil
5. Rochtain agus Oibreacha Láithreáin
6. Ráthaíocht
7. Praghas ar leictreachas
8. Íocaíocht Cuntas
9. Custaiméirí Leochaileacha
10. Do Cheart chun Deireadh a chur leis an gComhaontú
11. Ár gCeartsan Soláthar a Tharraingt Siar agus Deireadh a Chur leis an gComhaontú
12. Gearáin
13. Difríocht sna Coinníollacha Ginearálta
14. Sannachán
15. Fógraí
16. Sonraí Teagmhála
17. Ár gCóid Chleachtais agus ár gCairt Custaiméirí
18. Fógra um chosaint sonraí
19. Margaíocht
20. Ginearálta
21. Teagmhais Nach bhfuil Neart Againn Orthu
22. Aisíocaíochtaí
23. Conarthaí Measta

Na Coinníollacha Ginearálta a Chur i Bhfeidhm

Is iad seo Ár gCoinníollacha Caighdeánacha, mar chustaiméir cónaithe measfar gur ghlac Tú leis na Coinníollacha seo agus go mbeidh tú faoina gceangal ón uair a thiocfaidh Tú chun bheith i do Chustaiméir dár gCuidsean.

1. Sainmhínithe

Tá na cialla seo a leanas leis na focail thíos sna coinníollacha seo.

Ciallaíonn “Muidne”, “Muid” “Ár” ESB, agus é ag gníomhú trína aonad gnó Electric Ireland.
Ciallaíonn “Tú” “Tusa” an Duine nó an Chuideachta a bhfuil an Comhaontú seo déanta acu.
Ciallaíonn “Coinníollacha” téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha an tsoláthair arna leagan amach sa doiciméad seo.
Ciallaíonn “Comhaontú” an Conradh trína soláthraíonn Muid leictreachas Duit agus a n-ionchorpraítear leis aon choinníoll speisialta agus a gcuimsítear leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo.
Ciallaíonn “Sannachán” Ár dteidlíocht mar sholáthróir leictreachais an ceart sin a aistriú chuig tríú páirtí chun Ár ndualgas mar sholáthróir leictreachais a chomhlíonadh.
Ciallaíonn "Teachtaireacht AVT" Teachtaireacht Ghutha Uathoibrithe Uainne Chugatsa maidir le Do Chuntas, Ár dTáirgí nó Ár Seirbhísí.
Ciallaíonn “táillí” an tsuim/suimeanna atá le híoc Agatsa as: (a) leictreachas a sholáthraíonn Muidne (b) aon chostais a bhaineann le soláthar leictreachais a dhéanann Muidne, agus (c) aon Táillí Idirmheánacha.
Ciallaíonn “Coimisiún” an Coimisiún um Rialáil Fóntas arb é an rialtóir é do na hearnálacha leictreachais agus gáis nádúrtha in Éirinn.
Ciallaíonn “Comhaontú Ceangail” Comhaontú leis an DSO faoina bhfuil sé de cheart agat do gceanglófar do shuiteáil, agus go mbeidh sí ceangailte i gcónaí, leis an gcóras dáileacháin leictreachais i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo.
Ciallaíonn “Cuntas Custaiméara” aon chuntas Linne a choinnítear i D’ainmse chun críocha leictreachas a sholáthar.
Ciallaíonn “Conradh Measta” comhaontú atá infhorfheidhmithe le dlí a mheastar a bheith déanta idir Electric Ireland agus úinéir nó áititheoir an áitribh. Meastar go dtagann conradh measta chun bheith toisc nár chuir an t-úinéir nó an t-áititheoir (i ndiaidh fógra a fháil ó Electric Ireland agus i gcás go bhfuil soláthar gáis nó leictreachais fós a fháil Uainne don áitreabh) in iúl Dúinn gur lean sé nó sí leis an leictreachas nó an gás a soláthraítear chuig an áitreabh lena mbaineann a úsáid nuair a chuaigh an conradh roimhe sin don soláthar chuig an áitreabh lena mbaineann in éag, nó nár cuireadh ar ceal é nuair a d’fhág úinéir nó áititheoir roimhe sin an t-áitreabh nó i gcás nach ndearna an t-úinéir nó t-áititheoir nua conradh nua soláthair’.
Ciallaíonn "DSO" Oibreoir an Chórais Dáileacháin, ESB Networks Limited.
Ciallaíonn "Bille Leictreachais" an sonrasc tréimhsiúil a eisíonn Muidne Chugatsa ag iarraidh íocaíocht as leictreachas a sholáthraítear faoin gComhaontú seo.
Ciallaíonn "EURIBOR" Ráta Tairgthe Idirbhainc Euro 3 mhí.
Ciallaíonn “Ceadúnas” an Ceadúnas chun Leictreachas a sholáthar a bhronn an Coimisiún Orainne.
Ciallaíonn “Uasacmhainn Iompórtála” (MIC) an t-uasmhéid leictreachais, arna shloinneadh in Aimpéir chilea-Volta (kVA), a sholáthrófar Duitse ag an bpointe soláthair.
Ciallaíonn “méadar” an méadar leictreachais a shuiteáil an DSO chun an méid leictreachais a úsáideann Tú ar an Áitreabh a thomhas agus áirítear leis sin aon Mhéadar nó Méadair d’aon chineál a sholáthrófar Duitse ag an Áitreabh am ar bith.
Ciallaíonn “MRSO” Oibritheoir an Chórais Clárúcháin Méadar, ar feidhm “imfhálaithe” laistigh de ESB Networks é agus a bhfuil an fhreagracht air as an bpróiseas Athraithe Soláthróra sa mhargadh iomaíoch leictreachais.
Ciallaíonn “Pointe Soláthair” an pointe arna léiriú sa Chomhaontú Ceangail, nó in iarratas ar sholáthar ag pointe ar leith, áit a bhféadfadh fuinneamh sreabhadh idir an Córas Dáilte áitiúil agus Do shuiteáil.
Ciallaíonn “Áitreabh” an tÁitreabh atá sonraithe san iarratas ar sholáthar leictreachais a chomhlánaigh Tú féin nó d’Áitreabh eile dá leithéid a d’fhéadfadh Tú a chur in iúl Dúinn ó am go chéile agus a nglacann Muidne leis.
Ciallaíonn “Praghasphlean” Ár liosta de na praghsanna reatha agus struchtúr na praghsála is infheidhme maidir le gach ceann acu.
Ciallaíonn “Cláraigh/Clárúchán” Tú a chlárú mar chustaiméir ag Oibritheoir an Chórais Clárúcháin Méadar (MRSO).
Ciallaíonn "Ráthaíocht" éarlais airgid a íoctar roimh ré mar Urrús i gcás nach gcomhlíonfaí cuntas leictreachais nó Comhaontú.
Ciallaíonn “Oibreacha Láithreáin” oibreacha ar bith a dhéanann an DSO maidir le Do sholáthar leictreachais agus píosa oibre ar bith eile mar atá leagtha amach i dtáillí Oibreacha Láithreáin an OCD lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh, soláthar, suiteáil, deisiú, cothabháil, aistarraingt nó aischur an tsoláthair leictreachais nó an Méadar nó an trealamh a úsáidtear chun leictreachas a sholáthar chuid D'áitreabh.
Ciallaíonn "Dáta Tosaigh" an dáta a théann Tú isteach i gceann dár bPraghsphleananna.
Ciallaíonn “Ráiteas” an ráiteas tréimhsiúil a eisíonn Muidne Chugatsa maidir le hídiú (fiacha gan íoc, fiacha a aisíocadh más infheidhme) agus íocaíochtaí a rinneadh ar leictreachas arna sholáthar faoin gComhaontú seo.
“Custaiméirí Leochaileacha” Tá seirbhísí speisialta againn dóibh siúd a chláraíonn Linn mar dhaoine scothaosta a bhraitheann ar threalamh leighis leictreach, nó a bhfuil deacrachtaí éisteachta, radhairc nó luaineachta acu.
1.1 Beidh tagairtí sna Coinníollacha do dhoiciméad mar thagairtí don doiciméad sin a leasófar nó a athrófar go ham go ham.

2. Díol agus Soláthar Leictreachais

a) Díolfaimid leictreachas Leat agus soláthróimid leictreachas Duit ag an Áitreabh faoi réir na gCoinníollacha seo go dtí go gcuirfidh Tusa nó Muidne deireadh leis an gComhaontú de réir Choinníollacha 10 agus 11.
b) Is coinníoll soláthair é go bhfuil Comhaontú Ceangail Agatsa agus go gcloífidh tú leis na coinníollacha ann. Léigh coinníollacha an DSO le do thoil chun Tú a nascadh leis an gcóras dáileacháin leictreachais atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an DSO ag www.esbnetworks.ie. Má ghlac Tú an soláthar chuig an áitreabh a bhí á sholáthar roimhe seo in ainm custaiméara eile agus nach bhfuil Comhaontú Ceangail Agat don áitreabh, measfaidh an DSO go mbeidh Uasacmhainn Iompórtála an chustaiméara roimhe sin agus coinníollacha Ceangail an chustaiméara roimhe sin i bhfeidhm maidir Leatsa. Ní bheidh ort Comhaontú Ceangail nua a dhéanamh Tú Féin, ach beidh ort cloí leis na coinníollacha uile i gComhaontú Ceangail an chustaiméara roimhe seo. Más fearr leat Comhaontú Ceangail a bheith agat i d’ainm féin, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an DSO ag www.esbnetworks.ie.
c) Cuirfear tús leis an gcomhaontú seo ar dháta an Chomhaontaithe seo i gcás custaiméirí reatha. Maidir le custaiméirí nua, tosóidh sé ar an dáta a bhfaighimid fógra ón MRSO go bhfuil Tú cláraithe mar chustaiméir dá gCuidsean.
d) Ní mór duit an fhaisnéis ar fad a theastaíonn Uainn faoin Áitreabh a thabhairt dúinn, agus na sonraí eile go léir a Iarrfaimid chun an cineál cuntais/Praghasphlean atá uait a oibriú amach.
e) Ní mór duit Do shonraí teagmhála a sholáthar dúinn e.g. líne thalún nó uimhir fóin póca agus tá cead Againne na sonraí sin a úsáid chun teagmháil a dhéanamh Leat maidir le Do Chuntas.
f) Caithfidh an fhaisnéis go léir a thabharfaidh Tú Dúinn a bheith fíor agus cruinn. Ní mór Duit aon athruithe ar an bhfaisnéis a chur in iúl Dúinn a luaithe is féidir.
g) Déanfaimid gach rud is féidir Linn chun iarratas a phróiseáil ionas go mbeidh an cuntas leictreachais socraithe faoin dáta a mbeidh sé de dhíth ort, ar choinníoll go mbeidh Ár riachtanais airgeadais agus riachtanais eile comhlíonta Agat.
h) Beidh saintréithe an tsoláthair ag teacht leis an gComhaontú Ceangail agus leis na coinníollacha seo. Is é 12kVA an gnáth-MIC le haghaidh áiteanna cónaithe príobháideacha. Ba cheart duit Do shainriachtanais a sheiceáil le Do chonraitheoir leictreachais. Tá Tusa freagrach as an MIC cuí a roghnú.
i) Ní féidir leat do sholáthar a shíneadh le go n-úsáidfidh duine éigin eile é. Measfaimid gur custaiméir ar leith a bheidh ann nó inti.
j) Ní ghlacaimid le haon fhreagracht as leordhóthanacht, sábháilteacht ná saintréithe eile Do shuiteála leictrí.
k) Maidir le conarthaí téarma sheasta, 30 – 60 lá roimh an dáta éaga, eiseoimid fógra chun tú a chur ar an eolas faoi na roghanna a bheidh ar fáil duit nuair a rachaidh an conradh in éag.
l) Maidir le custaiméirí nach bhfuil ar chonarthaí téarma sheasta, ní bheidh athnuachan i gceist agus leanfaidh tú leis an bpraghasphlean a roghnaigh Tú go dtí go bhfaighimid treoracha nua Uait.
m) I gcás ina bhfuil Tú ar an taraif fuinnimh chéanna le 3 bliana nó níos mó anuas, eiseoimid fógra ar bhonn bliantúil chun Tú a spreagadh athbhreithniú a dhéanamh ar Do chonradh.

3. Athrú Soláthróra

a) Sa chás go bhfaightear amach go bhfuil na tairseacha fiachais atá ceadaithe á sárú Agat má roghnaíonn Tú Do chuntas a aistriú chuig soláthróir fuinnimh ceadúnaithe eile, taispeánfar bratach fiachais ar Do chuntas ag an bpointe aistrithe. Cuirfidh an bhratach fiachais seo an soláthróir fála ar an eolas faoin sárú sin. Is ionann na tairseacha fiachais ceadaithe agus mar a fhoilsíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntas iad ó am go ham agus is féidir sonraí a fháil faoi Choinníoll 16 sa doiciméad seo.
b) Coimeádaimid an ceart freisin seiceáil creidmheasa a dhéanamh ar Do chuntas (Do chuntais).
c) Tabharfaidh Tú léamh méadair leictreachais Dúinn don Dáta Tosaigh nó tabharfaidh tú cead do ESB Networks léamh Méadair iarbhír a fháil ag an áitreabh.
d) Ní ghearrfar táille de ghnáth ar chustaiméirí as soláthróir a athrú (chun amhras a sheachaint ní ghearrfar táille scoir ach amháin má chuireann custaiméirí deireadh luath le conradh praghasphlean téarma sheasta).
e) Próiseálfaimid iarratais ar aistriú ó chustaiméirí má iarrtar sin agus a luaithe is féidir, a mhéid is indéanta.
f)Tá custaiméirí i dteideal leas a bhaint as tréimhse shuaimhnithe 14 lá féilire ó thús Do chonartha, (nó 30 lá maidir le conarthaí arna ndéanamh ag d’Áitreabh). Má chuireann tú in iúl dúinn laistigh den tréimhse seo nach mian leat dul ar aghaidh leis an aistriú, cuirfimid an t-aistriú ar ceal agus beidh tú fós i do chustaiméir de chuid do sholáthróra reatha.
g) Nuair a bheidh d’iarratas ar aistriú próiseáilte, is féidir le do sholáthróir reatha a chur in iúl dúinn má tá riaráiste agat atá níos mó ná na leibhéil atá leagtha síos ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas do gach custaiméir. Má chinnimid gan an t-aistriú a dhéanamh mar gheall ar riaráistí, cuirfimid é sin in iúl duit a luaithe is féidir.

4. Méadrú agus Billeáil

a ) Déanfar an soláthar leictreachais a thomhas le trealamh méadraithe a shuiteálfar agus a chothófar i gcomhréir leis an gComhaontú Ceangail, léifidh foireann an DSO, a ghníomhairí nó a chonraitheoirí na méadair.
b) Seolfaimid billí Chugat don leictreachas a úsáideann tú gach dhá mhí ar a laghad. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar do bhille freisin táillí ar sheirbhísí a d’aontaíomar a sholáthar Duit agus áireofar leis CBL agus aon chánacha nó táillí eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Gheobhaidh custaiméirí a bhfuil méadair réamhíocaíochta nó méadar Íoc Mar a Úsáidtear acu suas le trí cinn in aghaidh na bliana.
c) Má fhaigheann Muidne nó Tusa go bhfuil léamh méadair ar bith míchruinn nó fágtha ar lár, nó nár aistríodh na léamha go táillí mar is ceart, beidh Orainne nó Ortsa, de réir mar a bheidh, airgead ar bith a bheidh dlite ar dháta an chéad bhille eile a íoc. I gcás ina suiteálfar méadar Íoc Mar a Úsáidtear cuirfimid an méid atá dlite le hiarmhéid do mhéadair Íoc Mar a Úsáidtear.
d) Más rud é, ar chúis ar bith, nach raibh an DSO ábalta léamh méadair a fháil, úsáidfimid léamha measta. Is féidir leat léamh iarbhír a sholáthar Dúinn freisin trí ghlao a chur orainn ag 1800 372 372 nó do léamh a chur isteach ar líne ag www.electricireland.ie/reading.
e) Tá tusa freagrach as a chinntiú go ndéanfar trealamh méadraithe lena n-áirítear méadair Íoc Mar a Úsáidtear agus an trealamh gaolmhar a chosaint agus a choinneáil i mbail shábháilte. Ní mór duit muidne nó an Dáileoir Leictreachais (ESB Networks) a chur ar an eolas láithreach má chuirtear isteach ar an trealamh nó má dhéantar damáiste dó.

5. Rochtain agus Oibreacha Láithreáin

a) Is leis an DSO an trealamh agus na suiteálacha go léir ón ngréasán dáileacháin, ón Méadar agus an Méadar san áireamh, agus ní mór iad a úsáid de réir threoracha agus théarmaí agus choinníollacha an DSO. Níl aon fhreagracht orainn an Méadar ná aon trealamh méadraithe a chothabháil.
b) Aontaíonn Tú a bheith faoi cheangal ag aon choinníollacha a thugann an DSO nó Muidne thar ceann an DSO i dtaca le Do sholáthar leictreachais agus cúrsaí gaolmhara ar bith. Tá siad sin ar fáil óna suíomh gréasáin ag www.esbnetworks.ie, trí ghlao ar chur ar ESB Networks ag 1800 372 757 nó trí ríomhphost ag esbnetworks@esb.ie.
c) Beidh tusa freagrach i gcónaí as cúram cuí a thabhairt don Mhéadar. Ní chuirfidh tú isteach ná ní cheadóidh tú aon chur isteach ar an Méadar, bídís le haghaidh deisiúcháin nó chun aon chríche eile gan toiliú ón DSO, agus cuirfidh tú aon locht ar an Méadar nó má bhíonn aon athrú nó aird eile de dhíth in iúl go pras don DSO agus/nó Dúinn.
d) Is féidir leat a iarraidh ar an DSO Oibreacha Láithreáin a dhéanamh ag an áitreabh de réir théarmaí an Chomhaontaithe seo.
e) Cuirfidh an DSO (agus nuair is cuí, Muidne) ar an eolas Thú nuair a iarrfaidh Tú na hOibreacha Láithreáin faoi chostais agus téarmaí íocaíochta na nOibreacha Láithreáin.
f) D’fhéadfaimis a iarraidh go ndéanfaí Oibreacha Láithreáin ag an Áitreabh amhail seirbhísiú an Mhéadair, aistarraingt nó aischur an tsoláthair leictreachais.
g) Ní mór duit cead a thabhairt do phearsanra údaraithe, gníomhairí nó conraitheoirí an DSO dul isteach san Áitreabh chun an soláthar a léamh, a iniúchadh, a aistarraingt nó a aischur, nó an Méadar nó na Méadair a bhaint agus chun gach críche eile a bhaineann le leictreachas a sholáthar. Ní mór an cead isteach sin a cheadú ag gach tráth réasúnach agus ag am ar bith i gcás aon éigeandáil nó éigeandáil líonra.

6. Ráthaíocht

a) Má chinnimid go bhfuil sé ag teastáil tráth ar bith, b’fhéidir go mbeadh ort Ráthaíocht réasúnta a sholáthar, a bhféadfadh éarlais a chinnfimidne a bheith i gceist leis.
b) Déanfar aon chlúdach Ráthaíochta a soláthraíodh Dúinne atá i bhfoirm éarlais airgid thirim a aisíoc leat nuair a dhúnfaidh Tú Do chuntas ar choinníoll go bhfuil gach suim atá dlite íoctha, nó i ndiaidh tréimhse áirithe (nach faide ná dhá mhí dhéag) ar choinníoll gur chomhlíon tú Ár dtéarmaí íocaíochta ar bhonn leanúnach, cibé acu is túisce.
c) B’fhéidir go mbeidh ort Do dháta breithe agus/nó faisnéis phearsanta eile a thabhairt dúinn chun measúnú creidmheasa a dhéanamh.

7. Praghas ar leictreachas

a) Tá na praghsanna atá á dtairiscint Againn bunaithe ar Ár bPraghasphleananna reatha, agus d’fhéadfadh Muid iad a athrú ó am go chéile.
b) Tá ár bPraghsphleananna (mar aon le téarmaí agus coinníollacha táirge-shonracha breise, lena n-áirítear fad an chonartha agus aon táillí nó oibleagáidí scoir lena mbaineann) ar taispeáint ar ár suíomh gréasáin (www.electricireland.ie) nó is féidir leat iad a fháil trí theagmháil a dhéanamh Linn, féach na sonraí teagmhála ag Coinníoll 16.
c) Mura sonraítear a mhalairt i do Phraghasphlean, táimid i dteideal an praghas a ghearraimid ar leictreachas a athrú. Cuirfimid ar an eolas thú faoi aon athrú trí dhá cheann ar a laghad de na modhanna seo a leanas: i scríbhinn, trí ríomhphost, ar do bhille nó in éineacht leis, trí SMS nó trí fhógra ar bhreisiú, trí fhógra sna meáin náisiúnta nó ar ár suíomh gréasáin 30 lá ar a laghad sula dtiocfadh aon athrú i bhfeidhm. Sonrófar in aon fhógra nó fógrán den sórt sin an dáta a mbeidh an t-athrú praghais i bhfeidhm agus cuirfidh do cheart deireadh a chur le do chonradh in iúl duit.
d) Is féidir Leat comhairle a fháil Uainn maidir le Praghasphlean a roghnú, ach is Tusa atá freagrach as an gcinneadh faoin bPraghasphlean is fearr a oireann do Do riachtanais. Sa chás gur roghnaigh Tú an Praghasphlean mícheart Duitse, ní bheidh Muidne cuntasach as sin ná as aon táille a gearradh mar gheall ar Do rogha mhícheart.
e) Coimeádaimid an ceart Tú a aistriú chuig Ár bPraghasphlean caighdeánach má sháraíonn Tú téarmaí agus coinníollacha Do Phraghasphlean.
f) Ó am go ham, is féidir Linn (Dár lánrogha féin) Praghasphleananna speisialta a thairiscint do chatagóirí sonraithe áirithe custaiméirí (d’fhéadfadh sé go mbeidh nó nach mbeadh Tusa san áireamh) ar feadh tréimhse áirithe ama a shocróidh Muidne.
g) Má tá cuntas leictreachais agus cuntas gáis araon Agat Linne agus go n-aistríonn Tú do sholáthar gáis chuig soláthróir eile ach go leanann Muidne ag soláthar leictreachais Duit D’fhéadfaimis ár bpraghas do leictreachas amháin a ghearradh ort (a d’fhéadfadh a bheith difriúil leis an bpraghas a thairgtear as leictreachas agus gás araon a fháil uainn) ón dáta ar aistríodh Do sholáthar gáis chuig an soláthróir gáis eile sin.

8. Íocaíocht Cuntas

a) Ní mór duit costas an leictreachais a ídítear ag an Áitreabh a íoc Linn, nó ní mór duit íoc as aon bhille a bhunaítear ar léamh Méadair measta le linn na tréimhse billeála (móide CBL), agus aon chánacha nó muirir eile a d’fhéadfadh a bheith infheidhme ar an bPraghasphlean a roghnaigh.
b) Mura mbeidh a mhalairt aontaithe againn, beidh gach bille, lena n-áirítear billí bunaithe ar léamha Méadair measta, le híoc ar an dáta atá sonraithe ar an mbille.
c) Ní mór duit aon mhéid nó táillí a bheidh sonraithe ar an mbille mar sheirbhísí eile a d'aontaíomar a sholáthar Duit a íoc Linn chomh maith.
d) Ní mór duit Muid a íoc as aon Oibreacha Láithreáin a d'iarr Muidne nó Tusa iad a dhéanamh ag D'áitreabh agus as ar ghearr ann DSO táille Orainn.
e) Ní mór duit Do bhille a íoc de réir na gcoinníollacha sonracha íocaíochta i Do Phraghasphlean. Má íocann tú muid trí dhochar díreach, coimeádann Muid an ceart chun ár ndáta bailithe dochair dhírigh a athrú agus cuirfidh Muid ar an eolas thú roimh ré.
f) Ní mór gach suim atá dlite Dúinn faoin gComhaontú a íoc gan asbhaint nó fritháireamh. Mura n-íocann Tú aon suim atá dlite Dúinn faoin gComhaontú B’fhéidir go mbeadh Ort táille íocaíochta déanaí nó ús a íoc linn ón dáta dlite ar ráta comhionann le 3% os cionn EURIBOR, a bheidh ag carnach ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfar an íocaíocht.
g) Má tá cuntas Agat Linn ag áitreabh cónaithe eile, Féadfaidh Muid aon chreidmheas nó dochar a aistriú idir Do chuntais chun airgead atá le híoc Agat Linn a fháil ar ais.
h) Tá tuilleadh faisnéise faoi roghanna billeála agus íocaíochta le fáil inár gCóid Chleachtais, féach Coinníoll 17.

9. Custaiméirí Leochaileacha

Cuirfimid seirbhísí áirithe ar fáil dár gcustaiméirí a chláraíonn Linn mar Chustaiméirí Leochaileacha, lena n-áirítear cláir thosaíochta, maidir lena n-úsáid leictreachais. Tá faisnéis faoi na seirbhísí sin, agus conas rochtain a fháil orthu agus clárú, ar fáil inár gCóid Chleachtais, féach Coinníoll 17.

10. Do Cheart chun Deireadh a chur leis an gComhaontú

a) Má tá Tú ag Bogadh go hÁitreabh eile agus/nó mura dteastaíonn uait Do chuntas leictreachais a choinneáil ar oscailt a thuilleadh, ní mór Duit fógra seacht (7) lá féilire a thabhairt Dúinn sula bhfágfaidh Tú an t-áitreabh (nó mar a aontaímid ar shlí eile) ar an nguthán nó trí scríobh Chugainn (de réir Choinníoll 16) agus íoc as an méid atá dlite as an leictreachas go léir a úsáideadh suas go dtí dáta an fhoirceanta sin agus as aon táillí agus oibleagáidí eile i Do Phraghasphlean nó seirbhísí a d’aontaíomar a sholáthar Duit faoin gComhaontú seo .
b) Sa chás nach soláthraíonn Tú léamh nó rochtain chun an t-áitreabh a dhífhuinnmhiú, déanfaidh Muid an léamh deiridh a mheas agus ní mór Duitse glacadh le haon táillí a thiocfadh as an meastachán sin mar an méid a bheidh dlite ar Do bhille deiridh.
c) Ní dhéanfaidh deireadh an Chomhaontaithe difear d'aon chearta nó dualgais a bheidh a charnfar Ortsa sula dtiocfaidh deireadh leis an gComhaontú.
d) I gcás ina n-aistarraingeofar an soláthar leictreachais mar gheall ar Do mhainneachtain, íocfaidh Tú Linn gach costas a tabhaíodh le réasún agus costas aistarraingthe an tsoláthair agus athcheangail ina dhiaidh sin, más ann dó, i gcomhréir le táillí rialaithe agus cóid chleachtais.

11. Ár gCeartsan Soláthar a Tharraingt Siar agus Deireadh a Chur leis an gComhaontú

Ar choinníoll gur leanamar Ár nósanna imeachta atá leagtha amach inár gCóid Chleachtas, Is féidir Linn a iarraidh ar an DSO Do sholáthar leictreachais a aistarraingt (a dhícheangal) más rud é:
a) Nár íoc tú as aon bhille don leictreachas a sholáthair Muid nó as aon mhéid eile faoin gComhaontú seo chun leictreachas a sholáthar.
b) Nár aontaigh tú le socrú chun íocaíocht a dhéanamh i dtráthchodanna nó gur bhris tú socrú comhaontaithe nó gur dhiúltaíonn tú do mhéadar réamhíocaíochta/rialtóir buiséid.
c) Go gcuireann do shuiteáil nó úsáid leictreachais isteach ar an gcóras dáileacháin nó go gcuireann sé isteach ar chustaiméirí eile.
d) Gur shín tú an soláthar chuig duine eile a mheasann Muid a bheith ina chustaiméir ar leithligh.
e) Nár chomhlíon tú do chuid oibleagáidí go léir faoi na coinníollacha seo nó faoin gComhaontú Ceangail, agus nár chuir tú cúrsaí ina gceart.
f) Gur úsáid Tú leictreachas gan chead nó gur ghoid Tú leictreachas.
g) Gur tháinig Tú chun bheith dócmhainneach, go bhfuil glacadóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir Agat, nó go ndearna Tú socrú le Do chreidiúnaithe.
h) Gur mór dúinn é sin a dhéanamh de réir an dlí.
i) Gur tháinig deireadh le do Chomhaontú Ceangail.
j) Nach bhfuil sé praiticiúil a thuilleadh leictreachas a sholáthar ar chúiseanna nach bhfuil smacht Againn orthu.
k) Gur iarr tú orainn é sin a dhéanamh.

12. Gearáin

Tá ár gCód Cleachtais um Láimhseáil Gearán ar fáil ag www.electricireland.ie.

Is féidir Leat freisin cóip dár gCód Cleachtais um Láimhseáil Gearán a iarraidh nó gearán a dhéanamh maidir le haon saincheist a thiocfadh chun cinn faoin gComhaontú trí theagmháil a dhéanamh lenár nÉascaitheoir Gearán do Chustaiméirí ag Bosca Poist 12523, Baile Átha Cliath 9 nó trí Ríomhphost ag complaintsfacilitator@electricireland.ie.

13. Difríocht sna Coinníollacha Ginearálta

Is féidir linn na Coinníollacha seo a leasú, a athrú nó cur leo tráth ar bith i ndiaidh fógra tríocha lá (30) a thabhairt Duit. Cuirfimid ar an eolas thú faoi aon athrú i scríbhinn, trí ríomhphost, ar do bhille nó in éineacht leis, trí SMS 30 lá ar a laghad sula dtiocfadh aon athrú i bhfeidhm. Léireofar san fhógra sin cá háit ar féidir Leat na Coinníollacha nua a fheiceáil nó cóip a fháil díobh agus cuirfear in iúl duit ann go bhfuil an ceart agat deireadh a chur le do chonradh. Mura bhfuil aon athrú, breisiú nó leasú inghlactha Duit, féadfaidh Tú deireadh a chur leis an gComhaontú de réir Choinníoll 10(a) (na Coinníollacha neamhathraithe atá i bhfeidhm le linn na tréimhse fógra tríocha (30) lá, nó measfar gur ghlac Tú leis na Coinníollacha nua. Cuirfimid cóip de na Coinníollacha nua ar fáil duit ocht lá is fiche (28) ar a laghad sula dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm.

14. Sannachán

a) Ní fhéadfaidh Tú an Conradh nó an Comhaontú seo a shannadh gan toiliú a fháil Uainne.
b) Féadfaimid, gan Comhaontú Uaitse, Ár gCearta go léir nó aon chuid díobh a shannadh nó a aistriú agus aon chuid dár n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo a ligean ar fochonradh do pháirtí ag a mbeidh an t-údarú/na húdaruithe riachtanacha.
c) Má dhéantar sannadh nó aistriú den sórt sin, Féadfaidh Muid D'éarlais Ráthaíochta agus aon ús ann a thabhairt ar láimh don pháirtí a luaitear i 14(b) nó é a aisíoc Leat.

15. Fógraí

Seachas fógraí maidir le hathrú praghais a eisítear faoi Choinníoll 7c, beidh fógra cuí tugtha Againn Duit:
a) Má sheol Muid an fógra tríd an bpost chuig Do sheoladh deireanach ar eolas.
b) Má Dhírigh Muid an fógra chuig roinnt custaiméirí nó chuig gach custaiméir i bhfógra i nuachtán náisiúnta. D’fhéadfadh sé go mbeadh fógraí san áireamh in aon chumarsáid eile a sheolfaidh Muid Chugat.
c) Beidh fógra cuí tugtha Agat Dúinn má sheolann Tú an fógra tríd an bpost Chugainn chuig Ár bpríomhoifig de réir Choinníoll 16.

16. Sonraí Teagmhála

a. Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár Rannóg Seirbhíse do Chustaiméirí ag:
Electric Ireland
P.O. Bosca PO 841,
Oifig Seachadta Dheisceart na Cathrach,
An Tóchar, Contae Chorcaí
Ar an nguthán: 1800 372 372
Ar an nguthán (lasmuigh d’Éirinn) +353 1 852 9534

Ar an ríomhphost: service@electricireland.ie

Is féidir faisnéis áirithe arna soláthar sna Coinníollacha a fháil freisin ar Ár suíomh gréasáin ag www.electricireland.ie

b. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí an fhaisnéis teagmhála sin a leasú nó a athrú ó am go chéile. Taispeánfar an fhaisnéis cothrom le dáta maidir leis seo ar Ár suíomh gréasáin agus ar Do bhille.

17. Ár gCóid Chleachtais agus ár gCairt Custaiméirí

Cairt Chustaiméir agus seacht gCód Cleachtais - Láimhseáil Gearán, Margaíocht agus Fógraíocht, Clárú Custaiméirí, Billeáil agus Dícheangal, Méadrú Íoc Mar a Úsáidtear, Custaiméirí Leochaileacha agus Seirbhísí Cliste - ina leagtar amach an bealach a ndéanaimid ár ngnó i ngach ceann de na réimsí sin, na seirbhísí a sholáthraítear, na leibhéil cháilíochta seirbhíse agus aon socrú cúitimh agus/nó aisíocaíochta a bheidh i bhfeidhm mura gcomhlíontar leibhéil cháilíochta seirbhíse ar conradh, agus conas rochtain a fháil orthu chomh maith.

Chun cóipeanna saor in aisce a fháil, cuir glaoch orainn ar 1800 372 372 nó féach ar Ár suíomh gréasáin ag www.electricireland.ie.

18. Fógra um chosaint sonraí

a) Ionas gur féidir Linn seirbhís éifeachtach a sholáthar Duit, agus chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, tá sé riachtanach Dúinne sonraí a bhaineann leatsa (“Sonraí Pearsanta”) a bhailiú agus a úsáid. Áirítear leis sin D’ainm, do sheoladh agus do shonraí teagmhála, faisnéis a bhaineann le d’ídiú leictreachais agus sonraí billeála agus íocaíochta. Nuair is cuí, d’fhéadfaimis faisnéis a sholáthair Tusa a choinneáil chomh maith, ar nós freagraí ar cheisteanna slándála, sonraí cuntais bainc/cárta creidmheasa/cárta dochair agus/nó faisnéis a bhaineann le cúinsí speisialta a d’fhéadfadh a bheith agat
b) I gcás ina n-aistríonn tú Chugainne ó sholáthróir eile, féadfaidh Muid sonraí faoi Do stair chuntais a fháil ón soláthróir eile sin.
c) Coimeádfaimid, úsáidfimid agus cosnóimid do chuid Sonraí Pearsanta de réir dlíthe cosanta sonraí agus príobháideachais.
d) Féadfaidh Muid do chuid Sonraí Pearsanta a nochtadh do dhaoine atá ag soláthar seirbhísí dúinn faoi chonradh. Táimid freagrach as a chinntiú go láimhseálfaidh agus go gcosnóidh na daoine sin do chuid Sonraí Pearsanta de réir Ár gcaighdeán.
e) Nuair a éilítear le dlí é, féadfaimid Do chuid Sonraí Pearsanta a nochtadh d’údaráis ar nós An Garda Síochána nó Údaráis Áitiúla. D’fhéadfaimis cuid de do chuid Sonraí Pearsanta nó iad go léir a nochtadh do sholáthróirí eile sna cúinsí seo a leanas:
a. I gcás ina n-aistríonn tú do chuntas chuig an soláthróir eile sin; nó
b. I gcás go dteipfeadh ar an margadh a bhaineann le mainneachtain soláthróra, chuig Soláthróir na Rogha Deiridh arna ainmniú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas
f) Nuair is gá, iarrfaimid do thoiliú maidir le húsáidí sonracha do Shonraí Pearsanta. I gcás ina dtugann tú an toiliú sin, beidh tú i dteideal é a chúlghairm am ar bith.
g) Tá cearta suntasacha agat maidir leis na Sonraí Pearsanta atá á gcoinneáil againn fút. Áirítear ar na cearta sin
a. Rochtain a fháil ar na Sonraí Pearsanta a choinnímid fút agus cóipeanna díobh
b. Go ndéanfar ceartú ar aon Sonraí Pearsanta atá míchruinn
c. Go ndéanfar Sonraí Pearsanta nach dteastaíonn uainn a thuilleadh a ghlanadh nó a scriosadh
h) D’fhéadfadh sé go ndéanfaí d’fhaisnéis phearsanta a aistriú chuig Oibreoir an Chórais Dáileacháin ar mhaithe le soláthar do d’áitreabh a choimeád agus a oibriú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus faoin dóigh a ndéanaimid iad a bhainistiú agus a chosaint, féach ár bhFógra Príobháideachta, atá le fáil ag www.electricireland.ie/privacy nó Is féidir leat cóip a fháil trí theagmháil a dhéanamh linn de réir na sonraí teagmhála ag Coinníoll 16 sa doiciméad seo. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ach teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí trí ríomhphost ag dpo@esb.ie nó tríd an bpost chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí, Ceannoifig BSL, 27 Sráid Mhic Liam Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 KT92.

19. Margaíocht

Féadfaidh Muidne, agus/nó gníomhairí a ghníomhaíonn ar Ár son, teagmháil a dhéanamh Leat trí theachtaireacht téacs, ar an ríomhphost, sa phost, ar an nguthán nó go pearsanta le faisnéis faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí (a bhaineann le leictreachas, gás nó táirgí agus seirbhísí eile, lena n-áirítear an cinn a thairgeann tríú páirtithe) a bhféadfadh suim a bheith Agat iontu. Lean na treoracha thíos go cúramach lena chinntiú go ndéanfar do shainroghanna margaíochta a urramú. Mura dteastaíonn uait go ndéanfaí teagmháil Leat, feidhmigh Do cheart chun rogha an diúltaithe a dhéanamh mar a mhínítear thíos:
Conas do cheart chun rogha an diúltaithe a fheidhmiú
Is féidir leat do cheart chun rogha an diúltaithe a fheidhmiú trí scríobh chugainn de réir Choinníoll 16 nó trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag service@electricireland.ie.

20. Ginearálta

a) Is ar bhonn áisiúlachta amháin a úsáidtear na ceannteidil sna Coinníollacha seo agus ní dhéanfaidh siad aon difear dá léirmhíniú.
b) Má tharscaoilimid sárú ar an gComhaontú a rinne Tusa, ní mheasfar go bhfuil ná go cuimsíonn an tarscaoileadh sin tarscaoileadh ar aon sárú a rinne Tú roimhe seo nó ina dhiaidh sin ar an bhforáil chéanna nó ar aon fhoráil eile.
c) Má chinneann údarás inniúil go bhfuil aon fhoráil de na Coinníollacha seo neamhbhailí nó neamh-infheidhmithe go hiomlán nó go páirteach, ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear do bhailíocht fhorálacha eile na gCoinníollacha seo agus den chuid eile den fhoráil lena mbaineann.
d) I gcás go bhfuil níos mó ná duine nó eintiteas amháin i gceist Leat, beidh gach duine nó eintiteas den sórt sin faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith Do chuid oibleagáidí faoin gComhaontú seo.

21. Teagmhais Nach bhfuil Neart Againn Orthu

Ní bheidh orainn aon oibleagáid faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh má chuirfear cosc Orainn é sin a dhéanamh le cúis ar bith nach bhfuil smacht réasúnta againn air. Áirítear leis sin, ach gan bheith teoranta do, cliseadh nó ganntanas soláthairtí cumhachta, corraíl shibhialta, ganntanas saothair nó díospóid saothair, treoracha nó iarratais ón Rialtas, ó eagraíocht seirbhísí éigeandála, nó ó údarás inniúil eile, nó ó oibleagáidí dlíthiúla ar bith eile.

22. Aisíocaíochtaí

Próiseálfaimid gan mhoill aon aisíocaíochtaí atá dlite dár gcustaiméirí de réir nósanna imeachta comhaontaithe.

23. Conarthaí Measta

a) Cuirfear Conradh Measta i bhfeidhm go huathoibríoch i gcás nach mbeidh áitreabh faoi réir conradh le haghaidh soláthar leictreachais ag Electric Ireland a thuilleadh ach go bhfuil sé ceangailte le soláthar i gcás gurb é Electric Ireland an soláthróir cláraithe.
b) Cuirfear tús le Conradh Measta ar an dáta a ghlacfaidh tú an soláthar leictreachais ó Electric Ireland sna cúinsí a gcuirtear síos orthu in a) thuas.
c) Is éard atá i gConradh Measta ná comhaontú le haghaidh soláthar leictreachais atá infheidhmithe le dlí idir Tú féin agus Electric Ireland.
d ) Baineann na Coinníollacha Ginearálta 1 go 22 le Conradh Measta seachas a mhéid atá siad ar neamhréir leis an gCoinníoll 23 seo.
e) Tá deis ag custaiméirí a fhaigheann soláthar faoi Chonradh Measta conradh soláthair a dhéanamh le Electric Ireland nó le soláthróir eile.
f) I gcás ina bhfuil Conradh Measta i bhfeidhm, leanfar leis an gconradh sin go dtí go gcláróidh Tú agus go ndéanfaidh tú conradh nua le Electric Ireland, nó go ndéanfaidh Tú conradh le soláthróir eile.
g) Faoi Chonradh Measta, gearrfar rátaí caighdeánacha Electric Ireland ort agus beidh tú freagrach as an leictreachas a sholáthrófar a íoc.
h) Faoi Chonradh Measta, eiseoimid billí chuig do réadmhaoin bunaithe ar léamh méadair iarbhír nó léamh méadair measta, agus beidh an bille sin le híoc agat.
i) I gcás nach bhfuil áitreabh faoi réir conradh soláthair le Electric Ireland a thuilleadh agus go bhfuil sé á sholáthar faoi Chonradh Measta, beidh sé i mbaol go ndícheanglófar é.