Gáis

Téarmaí agus Coinníollacha do Chuntais Gáis Chónaitheacha le héifeacht ón 17ú Meitheamh 2023

Is iad seo a leanas na príomhathruithe ar na téarmaí agus coinníollacha ginearálta:

  • Is ionann an tréimhse shuaimhnithe anois agus 30 lá do chonarthaí atá cláraithe ag d’áitreabh (Coinníoll 3)
  • Nuair a chuirimid custaiméirí ar an eolas faoi athruithe praghais nó athruithe a chuirfear ar théarmaí agus coinníollacha sa todhchaí, cuirimid custaiméirí ar an eolas anois maidir leis an gceart deireadh a chur leis an gconradh (Coinníoll 8)
  • Cealú gach clásail ina n-eisiaitear ár ndliteanas nó lena dteorannaítear ár ndliteanas


1. Sainmhínithe
2. Díol agus Soláthar Gáis
3. Athrú Soláthróra
4. Méadrú agus billeáil
5. Téarmaí agus Coinníollacha a Chur i bhFeidhm ar do Cheangal le haghaidh Soláthair Gáis
6. Rochtain agus Oibreacha Láithreáin
7. Ráthaíocht
8. Praghas Gáis
9. Íocaíocht Cuntas
10. Custaiméirí Leochaileacha
11. An Méid Gáis a Sholáthraítear a Ríomh
12. Éigeandáil Gáis/Líonra
13. Seirbhís Freagartha Éigeandála
14. An Soláthar Gáis a Scor
15. Do Cheart chun Deireadh a chur leis an gComhaontú
16. Ár gCeartsan Soláthar a Tharraingt Siar agus Deireadh a Chur leis an gComhaontú
17. Gearáin
18. Difríocht sna Coinníollacha Ginearálta
19. Sannachán
20. Fógraí
21. Sonraí Teagmhála
22. Ár gCóid Chleachtais agus ár gCairt Custaiméirí
23. Fógra um chosaint sonraí
24. Margaíocht
25. Ginearálta
26. Teagmhais Nach bhfuil Neart Againn Orthu
27. Aisíocaíochtaí
28. Conarthaí Measta

Na Coinníollacha Ginearálta a Chur i Bhfeidhm

Is iad seo Ár gCoinníollacha Caighdeánacha, mar chustaiméir cónaithe measfar gur ghlac Tú leis na Coinníollacha seo agus go mbeidh tú faoina gceangal ón uair a thiocfaidh Tú chun bheith i do Chustaiméir dár gCuidsean.

1. Sainmhínithe

Tá na cialla seo a leanas leis na focail thíos sna coinníollacha seo.
Ciallaíonn “Muid”, “Sinn” nó “Ár” ESB, agus é ag gníomhú trína aonad gnó Electric Ireland.
Ciallaíonn “” nó “Tusa” an Duine a bhfuil an Comhaontú seo déanta acu.
Ciallaíonn “Coinníollacha” téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha an tsoláthair arna leagan amach sa doiciméad seo.
Ciallaíonn “Fearais” gach cócaireán, coire, téitheoir agus aon trealamh eile a ídíonn Gás (an phíbobair ghaolmhar san áireamh) atá suiteáilte ar an Áitreabh taobh thall den Mhéadar ach ní áirítear leo an Méadar ná aon ghaireas nó píbobair arna suiteáil suas go dtí an Méadar.
Ciallaíonn “Gas Networks Ireland” gnó líonraí Bord Gáis Éireann, Bóthar na nOibreacha Gáis, Corcaigh, agus é i mbun gníomhaithe mar ghníomhaire do, agus ar son, Gaslink (agus a chomharbaí agus sannaithe).
Ciallaíonn “Comhaontú” an Conradh trína soláthraíonn Muid Gás Duit agus a n-ionchorpraítear leis aon choinníoll speisialta agus a gcuimsítear leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo.
Ciallaíonn “Sannachán” Ár dteidlíocht mar sholáthróir gáis an ceart sin a aistriú chuig tríú páirtí chun Ár ndualgas mar sholáthróir gáis a chomhlíonadh.
Ciallaíonn "Teachtaireacht AVT" Teachtaireacht Ghutha Uathoibrithe Uainne Chugatsa maidir le Do Chuntas, Ár dTáirgí nó Ár Seirbhísí.
Ciallaíonn “Táillí” an tsuim/suimeanna atá le híoc Agat as: (a) an Gás a sholáthraíonn Muid (b) aon chostas a bhaineann leis an soláthar Gáis a dhéanann Muid, agus (c) aon Mhuirear Curtha ar Aghaidh.
Ciallaíonn “Cuntas Custaiméara” aon chuntas Linn a choinnítear i d’ainm chun críocha Gás a sholáthar.
Ciallaíonn “Coimisiún” an Coimisiún um Rialáil Fóntas arb é an rialtóir é do na hearnálacha leictreachais agus Gáis in Éirinn. Ciallaíonn “Conradh Measta” comhaontú atá infhorfheidhmithe le dlí a mheastar a bheith déanta idir Electric Ireland agus úinéir nó áititheoir an áitribh. Meastar go dtagann conradh measta chun bheith toisc nár chuir an t-úinéir nó an t-áititheoir (i ndiaidh fógra a fháil ó Electric Ireland agus i gcás go bhfuil soláthar gáis nó leictreachais fós a fháil Uainne don áitreabh) in iúl Dúinn gur lean sé nó sí leis an leictreachas nó an gás a soláthraítear chuig an áitreabh lena mbaineann a úsáid nuair a chuaigh an conradh roimhe sin don soláthar chuig an áitreabh lena mbaineann in éag, nó nár cuireadh ar ceal é nuair a d’fhág úinéir nó áititheoir roimhe sin an t-áitreabh nó i gcás nach ndearna an t-úinéir nó t-áititheoir nua conradh nua soláthair’.
Ciallaíonn "Córas Dáilte" an córas atá in úinéireacht Gas Networks Ireland agus á fheidhmiú aige thar ceann Gaslink chun críche Gás a dháileadh ar fud na hÉireann.
Ciallaíonn "EURIBOR" Ráta Tairgthe Idirbhainc Euro 3 mhí.
Ciallaíonn "Seirbhís Freagartha Éigeandála" an tSeirbhís Freagartha Éigeandála arna hainmniú ag an gCoimisiún agus arna feidhmiú chun críche glacadh le tuairiscí maidir le héigeandálaí Gáis nó éigeandálaí Gáis amhrasta, sceití nó pléascanna san áireamh, agus freagairt orthu.
Is ionann "FAR” (Réamhaisnéis, Leithdháileadh agus Réiteach) agus modh chun ídiú Gáis a mheas nuair nach bhfuil léamh Méadair ar fáil. Is é Gas Networks Ireland a thugann faoi, agus tá sé faofa ag an gCoimisiún.
Ciallaíonn "Bille Gáis" an sonrasc tréimhsiúil a eisíonn Muid Chugat ag iarraidh íocaíocht as Gás a sholáthraítear faoin gComhaontú seo.
Ciallaíonn “Cárta GAS” an cárta/na cártaí a bhfuil uimhir uathúil air a eisítear duit agus a shanntar do do Mhéadar gáis PAYG mar aon le haon chárta breise nó cárta athsholáthair.
Ciallaíonn "Gaslink” Gaslink Limited, 6 Cé an Lapaigh, Corcaigh, arb é atá ceaptha ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas mar an t-oibritheoir ceadúnaithe neamhspleách do Chóras Dáilte Gas Networks Ireland (agus dá chomharbhaí agus sannaithe).
Ciallaíonn “GPRO” Oibritheoir Clárúcháin an Phointe Gáis; déanann GPRO clárúchán gach pointe Gáis ar fud na tíre a bhainistiú thar ceann gach soláthraí. Déanann Gas Networks Ireland an fheidhm GPRO a oibriú thar ceann Gaslink: www.Gaslink.ie.
Ciallaíonn “Ollluach Calrach” an líon GigiGiúl arna tháirgtear trí dhóchán iomlán faoi bhrú tairiseach de 1013.25 Milleabar Iomlán ag cúig déag (15) Céim Celsius faoi fhórsa imtharraingteach caighdeánach amháin (1) Méadar ciúbach de Ghás Nádúrtha ag cúig déag (15) Céim Celsius le barrachas aeir ag an teocht chéanna leis an nGás, nuair a fhuaraítear na táirgí dócháin go cúig déag (15) Céim Celsius agus nuair a chomhdhlúthaítear an t-uisce a fhoirmítear trí dhó go dtí an staid leachtach agus go bhfuil an mais iomlán uisce céanna sa táirge dócháin agus atá san Gás agus san aer roimh dócháin.
Ciallaíonn “Ceadúnas” an Ceadúnas chun Gás a sholáthar atá bronnta Orainn ag an gCoimisiún.
Ciallaíonn “Méadar” an méadar Gáis agus na feistis agus píopaí gaolmhara a shuiteáil an Gas Networks Ireland chun críche an méid Gáis a úsáideann Tú ar an Áitreabh a thomhas agus áirítear leis sin aon Mhéadar nó Méadair d’aon chineál a sholáthraítear Duit ag an Áitreabh am ar bith.
Ciallaíonn “Gás” Gás ar bith arna iompar tríd an gcóras Gáis.
Ciallaíonn “Ceangail Gáis” an ceangail idir an líonra Gáis agus an tÁitreabh chomh fada leis an Méadar, agus an Méadar san áireamh.
Ciallaíonn “Líonra” gach ceann de na píblínte tarchurtha agus dáilte arna úsáid chun críche tarchur, dáileadh agus soláthar Gáis go dtí Éire, ó Éirinn agus laistigh d’Éirinn.
Ciallaíonn “Éigeandáil Líonra” éigeandáil ina gcuirtear beatha an duine agus/nó réadmhaoin i mbaol agus a eascraíonn as diallas i mbrú Gáis nó i gcaighdeán an Gháis sa Líonra nó in aon chuid den Líonra.
Ciallaíonn “Bainisteoir Éigeandála Gáis Náisiúnta” an duine arna ainmniú amhlaidh ag an gCoimisiún agus a dhéanann bainistíocht ar éigeandáil sa Líonra Gáis.
Ciallaíonn "Méadar PAYG" an méadar gáis réamhíoctha atá suiteáilte ag d’Áitreabh.
Ciallaíonn "Taraif PAYG" na taraifí agus rátaí a bhfuil fáil orthu uainn ó am go chéile do chustaiméirí a bhfuil Méadair PAYG acu.
Ciallaíonn “Áitreabh” an tÁitreabh atá sonraithe san iarratas ar sholáthar Gáis a chomhlánaigh Tú, nó a leithéid d’Áitreabh eile a d’fhéadfadh Tú a chur in iúl Dúinn ó am go chéile agus a nglacann Muid leis.
Ciallaíonn “Praghasphlean” Ár liosta de na praghsanna reatha agus struchtúr na praghsála is infheidhme maidir le gach ceann acu.
Ciallaíonn “Cláraigh/Clárúchán” Tú a chlárú mar chustaiméir ag Oibritheoir Clárúcháin Pointe Gáis (GPRO).
Ciallaíonn "Ráthaíocht" éarlais airgid a íoctar roimh ré mar Urrús i gcás nach gcomhlíonfaí téarmaí cuntas nó Comhaontú Gáis.
Ciallaíonn “Oibreacha Láithreáin” oibreacha ar bith a dhéanann an Gas Networks Ireland maidir le soláthar gáis an chustaiméara agus aon phíosa oibre eile mar arna leagan amach i muirir Oibreacha Láithreáin Gas Networks Ireland arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do sholáthar, suiteáil, deisiú, cothabháil, aistarraingt nó athshuiteáil an Mhéadair nó an trealaimh a úsáidtear chun Gás a iompar agus a sholáthar.
Ciallaíonn "Dáta Tosaigh" an dáta a théann Tú isteach i gceann dár bPraghsphleananna.
Ciallaíonn “Ráiteas” an ráiteas tréimhsiúil a eisíonn Muid Chugat maidir le hídiú (fiacha gan íoc, fiacha a aisíocadh más infheidhme) agus íocaíochtaí a rinneadh ar leictreachas arna sholáthar faoin gComhaontú seo.
Custaiméirí Leochaileacha” Tá seirbhísí speisialta againn dóibh siúd a chláraíonn Linn mar dhaoine scothaosta, daoine atá ag brath ar threalamh leighis leictreach, nó a bhfuil deacrachtaí éisteachta, radhairc nó luaineachta acu, nó arna sainmhíniú ag an gCoimisiún ó am go chéile.
1.1 Beidh tagairtí sna Coinníollacha do dhoiciméad mar thagairtí don doiciméad sin a leasófar nó a athrófar go ham go ham.

2. Díol agus Soláthar Gáis

a) Díolfaimid Gás Leat agus soláthróimid Gás Duit ag an Áitreabh faoi réir ag na Coinníollacha seo go dtí go gcuireann Tú nó Muid deireadh leis an gComhaontú de réir Choinníollacha 15 agus 16.
b) Cuirfear tús leis an gComhaontú seo i gcás custaiméirí reatha ar dháta an Chomhaontaithe seo. Maidir le custaiméirí nua, cuirfear tús leis ar an dáta a bhfaighimid fógra ón GPRO go bhfuil Tú cláraithe mar chustaiméir Linn.
c) Ní mór duit an fhaisnéis ar fad a theastaíonn Uainn faoin áitreabh a thabhairt dúinn, agus na sonraí eile go léir a Iarrfaimid chun an cineál cuntais/Praghasphlean atá uait a oibriú amach.
d) Ní mór duit Do shonraí teagmhála a sholáthar dúinn e.g. uimhir líne talún nó uimhir fóin póca agus tá cead Againn na sonraí sin a úsáid chun teagmháil a dhéanamh Leat maidir le Do Chuntas.
e) Ní mór don fhaisnéis go léir a thugann Tú Dúinn a bheith fíor agus cruinn. Ní mór Duit aon athruithe ar an bhfaisnéis a chur in iúl Dúinn a luaithe is féidir.
f) Déanfaimid gach rud is féidir Linn chun iarratas a phróiseáil ionas go mbeidh an cuntas Gáis socraithe faoin dáta a mbeidh sé de dhíth ort, ar choinníoll go mbeidh Ár riachtanais airgeadais agus riachtanais eile comhlíonta Agat.
g) Beidh saintréithe an tsoláthair Gáis ag teacht leis an gComhaontú Ceangail bunaidh do do réadmhaoin le Gas Networks Ireland agus leis na coinníollacha seo. Is ort atá an fhreagracht do shainriachtanais a sheiceáil le Do chonraitheoir Gáis.
h) Ní féidir leat do sholáthar a shíneadh le go n-úsáidfidh duine éigin eile é. Measfaimid gur custaiméir ar leith a bheidh ann nó inti.
i) Ní ghlacaimid le haon fhreagracht as leordhóthanacht, sábháilteacht ná saintréithe eile Do Shuiteáil Gáis.
j) Maidir le conarthaí téarma sheasta, eiseoimid fógra idir 30 agus 60 lá roimh dháta éaga an chonartha Linn chun tú a chur ar an eolas faoi na roghanna a bheidh ar fáil duit nuair a rachaidh an conradh in éag.
Maidir le custaiméirí nach bhfuil ar chonarthaí téarma sheasta, ní bheidh athnuachan i gceist agus leanfaidh tú leis an bpraghasphlean atá roghnaithe agat go dtí go bhfaighimid treoracha nua Uait.
k) I gcás ina bhfuil Tú ar an taraif fuinnimh chéanna le 3 bliana nó níos mó anuas, eiseoimid fógra nó ríomhphost ar bhonn bliantúil chun spreagadh a thabhairt Duit athbhreithniú a dhéanamh ar Do chonradh.

3. Athrú Soláthróra

a) Sa chás go bhfaightear amach go bhfuil na tairseacha fiachais atá ceadaithe á sárú Agat má roghnaíonn Tú Do chuntas a aistriú chuig soláthróir fuinnimh ceadúnaithe eile, taispeánfar bratach fiachais ar Do chuntas ag an bpointe aistrithe. Cuirfidh an bhratach fiachais seo an soláthróir fála ar an eolas faoin sárú sin. Foilsítear na tairseacha fiachais faofa ó am go chéile agus is féidir sonraí a fháil amhail Coinníoll 21 sa doiciméad seo.
b) Coimeádaimid freisin an ceart seiceáil creidmheasa a dhéanamh ar Do chuntas/chuntais le Do sholáthraí reatha ag an bpointe clárúcháin sa chás go roghnaíonn Tú Muid a úsáid mar sholáthraí fuinnimh.
c) Tabharfaidh Tú léamh méadair Gáis Dúinn don Dáta Tosaigh nó tabharfaidh tú cead do Gas Networks léamh Méadair iarbhír a fháil ag an Áitreabh.
d) Ní hiondúil go ngearrfaí táille ar chustaiméirí as soláthraí a athrú. (Chun amhras a sheachaint, ní ghearrfar táille ar chustaiméirí as soláthróir a athrú ach amháin má chuireann custaiméirí deireadh luath le conradh praghasphlean téarma sheasta).
e) Déanfaimid iarratais ó chustaiméirí a soláthraí a athrú ach é a iarraidh agus gan mhoill, a mhéid agus is féidir.
f) Tá custaiméirí i dteideal leas a bhaint as tréimhse shuaimhnithe 14 lá féilire ó thús Do chonartha, (nó 30 lá maidir le conarthaí arna ndéanamh ag d’Áitreabh).
g) Nuair a bheidh d’iarratas ar aistriú próiseáilte, is féidir le do sholáthróir reatha a chur in iúl dúinn má tá riaráiste agat atá níos mó ná na leibhéil atá leagtha síos ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas do gach custaiméir. Má chinnimid gan an t-aistriú a dhéanamh mar gheall ar riaráistí, cuirfimid é sin in iúl duit a luaithe is féidir.

4. Méadrú agus Billeáil

a) Déanfar an soláthar Gáis a thomhas ag an Méadar agus an trealamh méadraithe a shuiteálfar agus a ndéanfar cothabháil air de réir an Chomhaontaithe Ceangail ábhartha ina leagtar amach na príomhthéarmaí tráchtála d’fhonn ualaí a nascadh le Córas Dáilte Gas Networks Ireland ag d’Áitreabh. Léifidh baill foirne Gas Networks Ireland an Méadar, nó a ghníomhairí nó conraitheoirí.
b) D’fhéadfadh Gas Networks Ireland meastachán a dhéanamh ar an méid Gáis atá ídithe agat ag teacht leis an bpróiseas FAR san eatramh idir léamha Méadair. I gcás Méadar a ndéantar léamh measta air, déanfar é a ríomh de réir an próisis FAR, ag féachaint do ríon fachtóirí a n-áirítear leo (ach gan a bheith teoranta do) an méid Gáis a úsáideadh roimhe sin ag an Áitreabh.
c) Má sholáthraimid Gás duit ach an Gás sin, nó cuid den Ghás sin, gan a bheith cláraithe ag an Méadar (i ngeall ar locht nó cur isteach neamhúdaraithe nó ar chúis éigin eile), ní mór Duit méid a íoc atá ar chóimhéid leis an muirear a bheadh iníoctha dá mbeadh an Méadar nó an trealamh méadraithe ag obair i gceart.
d) Seolfaimid billí Chugat don Ghás a úsáideann tú gach dhá mhí ar a laghad. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar do bhille freisin táillí ar sheirbhísí a d’aontaíomar a sholáthar Duit agus áireofar leis CBL agus aon chánacha nó táillí eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Gheobhaidh custaiméirí a bhfuil méadair réamhíocaíochta nó méadar Íoc Mar a Úsáidtear acu suas le trí ráiteas in aghaidh na bliana.
e) Má fhaigheann Muid nó Tusa amach go bhfuil léamh méadair ar bith míchruinn nó fágtha ar lár, nó nár aistríodh na léamha go muirir mar is ceart, beidh Orainn nó Ort, de réir mar a bheidh, airgead ar bith a bheidh dlite ar dháta an chéad bhille eile a íoc. Sa chás go bhfuil méadar Íoc Mar a Úsáidtear suiteáilte, cuirfimid an méid atá dlite le hiarmhéid do mhéadair Íoc Mar a Úsáidtear.
f) Más rud é, ar chúis ar bith, nach raibh Gas Networks Ireland ábalta léamh méadair a fháil, úsáidfimid léamha measta. Is féidir leat freisin léamh iarbhír a chur ar fáil dúinn trí ghlaoch ar sheirbhís uathoibríoch léite méadair Gas Networks Ireland ag 1800 427 732 nó trí Do léamh a sheoladh isteach chugainn ar líne ag www.electricireland.ie/gasreading. Tá Tú freagrach as a chinntiú go dtabharfar cosaint do threalamh méadraithe lena n-áirítear méadair Íoc Mar a Úsáidtear agus an trealamh gaolmhar, agus go gcoinneofar i mbail shábháilte é. Ní mór duit Muid nó Dáileoir Gas Networks (BGN) a chur ar an eolas láithreach má chuirtear isteach ar an trealamh nó má dhéantar damáiste dó.

5. Téarmaí agus Coinníollacha a Chur i bhFeidhm ar do Cheangal le haghaidh Soláthair Gáis

a) Mar chúiteamh as agus mar choinníoll de bheith nasctha le Córas Dáilte Gas Networks Ireland d’fhonn soláthar Gáis a fháil agus as cúiteamh maith agus luachmhar eile (a nglactar leis seo go bhfuarthas é agus go raibh sé dóthanach), glacann Tú leis seo agus comhaontaíonn Tú a bheith faoi cheangal ag na téarmaí agus coinníollacha faoina soláthraítear agus faoin bhfeidhmítear ceangail le Córas Dáilte Gas Networks Ireland.
b) Tá fáil ar "Gaslink, Gas Networks Ireland, Terms and Conditions for Gas Users at Non Daily Metered (NDM) Offtake Points", ag www.Gaslink.ie agus ar www.gasnetworks.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Gas Networks Ireland ar 1800 464 464 agus na comhaontuithe sin idir Tú agus Gas Networks Ireland, ag gníomhnú dó mar ghníomhaire do, agus ar son, Gaslink amhail dáta na Chomhaontuithe seo, agus ón dáta sin ar aghaidh.

6. Rochtain agus Oibreacha Láithreáin

a) Is le Gas Networks Ireland an trealamh agus na suiteálacha go léir ón ngréasán dáileacháin, suas go dtí an Méadar agus an Méadar san áireamh, agus ní mór iad a úsáid de réir threoracha agus théarmaí agus choinníollacha Gas Networks Ireland. Níl aon fhreagracht orainn an Méadar ná aon trealamh méadraithe ná píbobair ghaolmhar a chothabháil. Is ort atá an fhreagracht as an bpíbobair ón Méadar go dtí d’Áitreabh, agus as na Fearais atá agat atá nasctha leis. Ní ghlacaimid ná Gaslink ná Gas Networks Ireland aon fhreagracht as iad seo a chothabháil.
b) Aontaíonn tú a bheith faoi cheangal ag aon choinníoll a leagann Gas Networks Ireland sí Duit, nó Muid, thar ceann Gas Networks Ireland maidir le Do sholáthar Gáis nó aon ábhar gaolmhar eile de réir alt 5(b). Is féidir cóip de théarmaí agus coinníollacha Gas Networks Ireland a fháil ar a suíomh Gréasáin ag www.gasnetworks.ie nó trí ghlaoch a chur ar 1800 464 464.
c) Beidh tusa freagrach i gcónaí as cúram cuí a thabhairt don Mhéadar. Ní chuirfidh tú isteach ná ní cheadóidh tú aon chur isteach ar an Méadar, cibé an cur isteach sin le haghaidh deisiúcháin nó chun aon chríche eile gan cead a bheith faighte ó Gas Networks Ireland, agus cuirfidh tú Gas Networks Ireland agus/nó Muid ar an eolas go pras i gcás an Méadar a bheith lochtach nó má bhíonn aon athrú nó obair chothabhála eile de dhíth.
d) Is féidir leat a iarraidh ar Gas Networks Ireland Oibreacha Láithreáin a dhéanamh ag an áitreabh de réir théarmaí an Chomhaontaithe seo.
e) Cuirfidh Gas Networks Ireland (agus nuair is cuí, Muid) ar an eolas Thú faoi chostais agus téarmaí íocaíochta na nOibreacha Láithreáin ag an uair a n-iarrann Tú iad.
f) D’fhéadfaimis a iarraidh go ndéanfaí Oibreacha Láithreáin ag an Áitreabh amhail an méadar a ghlasáil nó a dhíghlasáil, aistarraingt nó aischur an tsoláthair, nó seirbhísiú an Mhéadair.
g) Tá tú freagrach as na costais go léir (lena n-áirítear CBL) a bhaineann leis na hOibreacha Láithreáin, cibé acu a bhfuil na hOibreacha sin iarrtha agat nó againn. Áirítear leis sin aon chostas arna thabhú mar thoradh ar na hOibreacha Láithreáin a bheith curtha ar ceal agat nó mar gheall ar Do mhainneachtain.
h) Tá tú freagrach freisin as aon táille atá iníoctha nuair a thugann Gas Networks Ireland cuairt ar an Áitreabh chun na hOibreacha Láithreáin a dhéanamh ag am atá socraithe leat, ach nach féidir leo déanamh amhlaidh mar gheall ar Do mhainneachtain.
i) Ní mór duit cead a thabhairt do phearsanra údaraithe, gníomhairí nó conraitheoirí Gas Networks Ireland dul isteach san Áitreabh chun an soláthar a léamh, a iniúchadh, a aistarraingt, nó an Méadar nó na Méadair a bhaint as agus chun gach críche eile a bhaineann le Gás a sholáthar. Ní mór an cead isteach sin a cheadú ag gach tráth réasúnach agus ag am ar bith i gcás aon éigeandáil nó éigeandáil líonra.
j) Má theipeann ort Coinníoll 4 (Méadrú agus Billeáil) nó Coinníoll 6 (Rochtain agus Oibreacha Láithreáin) a chomhlíonadh agus bac nó moill a bheith curtha ar an íocaíocht don Ghás atá úsáidte agat, beimid i dteideal caitheamh leis sin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhaillí nó mar dhiúltú íoc as an nGás sin.

7. Ráthaíocht

a) Má chinnimid go bhfuil sé ag teastáil tráth ar bith, b’fhéidir go mbeadh Ort Ráthaíocht réasúnta a sholáthar, a bhféadfadh sí a bheith i bhfoirm Éarlaise a dhéanfaimid a chinneadh.

b) Déanfar aon chlúdach Ráthaíochta a soláthraíodh Dúinne atá i bhfoirm éarlais airgid thirim a aisíoc leat nuair a dhúnfaidh Tú Do chuntas ar choinníoll go bhfuil gach suim atá dlite íoctha, nó i ndiaidh tréimhse áirithe (nach faide ná dhá mhí dhéag) ar choinníoll gur chomhlíon tú Ár dtéarmaí íocaíochta ar bhonn leanúnach, cibé acu is túisce.
c) B’fhéidir go mbeidh ort Do dháta breithe agus/nó faisnéis phearsanta eile a thabhairt dúinn chun measúnú creidmheasa a dhéanamh.

8. Praghas Gáis

a) Tá na praghsanna atá á dtairiscint againn bunaithe ar Ár Sceideal Praghsanna reatha, agus d’fhéadfadh Muid an Sceideal sin a athrú ó am go chéile.
b) Tá ár bPraghsphleananna (mar aon le téarmaí agus coinníollacha breise atá sonrach do tháirgí, lena n-áirítear fad conarthaí agus aon chlásal nó oibleagáid scoir ghaolmhar) ar taispeáint ar ár suíomh gréasáin (www.electricireland.ie) nó is féidir leat iad a fháil trí theagmháil a dhéanamh Linn de réir Coinníoll 21.
c) Táimid i dteideal an praghas a ghearraimid ar Ghás a athrú. Cuirfimid ar an eolas thú faoi aon athrú trí dhá cheann ar a laghad de na modhanna seo a leanas: i scríbhinn, trí ríomhphost, ar do bhille nó in éineacht leis, trí SMS nó trí fhógra ar bhreisiú creidmheasa, trí fhógra sna meáin náisiúnta nó ar ár suíomh gréasáin 30 lá ar a laghad sula dtiocfadh aon athrú i bhfeidhm. Sonrófar in aon fhógra nó fógrán den sórt sin an dáta a mbeidh éifeacht ag an athrú praghais agus cuirfidh sé in iúl duit go bhfuil sé de cheart agat deireadh a chur le do chonradh.
d) Is féidir Leat comhairle a fháil Uainn maidir le Praghasphlean a roghnú, ach is Tusa atá freagrach as an gcinneadh faoin bPraghasphlean is fearr a oireann do Do riachtanais. Sa chás gur roghnaigh Tú an Praghasphlean mícheart Duitse, ní bheidh Muidne cuntasach as sin ná as aon táille a gearradh mar gheall ar Do rogha mhícheart.
e) Coimeádaimid an ceart Tú a aistriú chuig Ár bPraghasphlean caighdeánach má sháraíonn Tú téarmaí agus coinníollacha Do Phraghasphlean.
f) Ó am go ham, is féidir Linn (Dár lánrogha féin) Praghasphleananna speisialta a thairiscint do chatagóirí sonraithe áirithe custaiméirí (d’fhéadfadh sé go mbeidh nó nach mbeadh Tusa san áireamh) ar feadh tréimhse áirithe ama a shocróidh Muidne.
g) Má tá cuntas leictreachais agus cuntas Gáis araon Agat Linn agus aistríonn Tú do sholáthar leictreachais chuig soláthróir eile ach go leanann Muid ag soláthar Gáis Duit, d’fhéadfaimis ár bpraghas do Ghás amháin a ghearradh ort (a d’fhéadfadh a bheith difriúil leis an bpraghas a thairgtear as leictreachas agus Gás araon a fháil uainn) ón dáta ar aistríodh Do sholáthar leictreachais chuig an soláthróir leictreachais eile sin.

9. Íocaíocht Cuntas

a) Ní mór duit costas an Gháis a ídítear ag an Áitreabh a íoc Linn, nó ní mór duit íoc as aon bhille a bhunaítear ar léamh Méadair measta le linn na tréimhse billeála (móide CBL), mar aon le haon chánacha nó muirir eile a d’fhéadfadh a bheith infheidhme ar an bPraghasphlean atá roghnaithe agat.
b) Mura mbeidh a mhalairt aontaithe againn, beidh gach bille, lena n-áirítear billí bunaithe ar léamha Méadair measta, le híoc ar an dáta atá sonraithe ar an mbille.
c) Ní mór duit aon mhéid arna sonrú ar an mbille mar sheirbhísí eile a d'aontaíomar a sholáthar Duit a íoc Linn chomh maith.
d) Ní mór duit Muid a íoc as aon Oibreacha Láithreáin atá iarrtha Againn nó Agat ag d’áitreabh agus ar ghearr ann Gas Networks Ireland táille Orainn as na hOibreacha sin a dhéanamh.
e) Déantar costas Gáis a ghearradh i kWh. Chun an léamh Méadair nó an léamh Méadair measta a thiontú ina chileavatuaireanta (kWh), cuirtear fachtóir coinbhéartachta i bhfeidhm. Soláthraíonn Gas Networks Ireland an fachtóir coinbhéartachta seo dúinn agus léirítear ar Do bhille é.
f) Cuirtear costas aonaid kWh i bhfeidhm ar an líon kWh a úsáideadh, nó a mheastar a úsáideadh, le linn na Tréimhse Billeála chun costas an Gháis a d’úsáid Tú ag an Áitreabh a ríomh. D’fhéadfadh cánacha nó muirir eile a bheith iníoctha (lena n-áirítear muirear soláthair) ag brath ar an bPraghasphlean atá roghnaithe agat.
g) Ní mór duit Do bhille a íoc de réir na gcoinníollacha sonracha íocaíochta i Do Phraghasphlean. Má íocann tú muid trí dhochar díreach, coimeádann Muid an ceart chun ár ndáta bailithe dochair dhírigh a athrú agus cuirfidh Muid ar an eolas thú roimh ré i ndáil leis an athrú sin.
h) Ní mór gach suim atá dlite Dúinn faoin gComhaontú a íoc gan asbhaint nó fritháireamh. Mura n-íocann Tú aon táille íocaíochta déanaí linn nó ús atá dlite faoin gComhaontú, d’fhéadfá a bheith dlite táille íocaíochta déanaí nó ús a íoc linn ón dáta dlite ar ráta atá comhionann le 3% os cionn EURIBOR, agus an tsuim sin ag carnadh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfar an íocaíocht.
i) Má tá cuntas Agat Linn ag áitreabh cónaithe eile, d’fhéadfaidh Muid aon chreidmheas nó dochar a aistriú idir Do chuntais chun airgead atá le híoc Agat Linn a aisghabháil.
j) Tá tuilleadh faisnéise faoi roghanna billeála agus íocaíochta le fáil inár gCóid Chleachtais, féach Coinníoll 22.
k) D’fhéadfadh muid méadar PAYG a shuiteáil ag an áitreabh má:

  • Iarrann Tú Orainn déanamh amhlaidh agus má íocann tú Ár muirear suiteála (tá sonraí faoi na muirir atá i bhfeidhm ar fáil ar shuíomh gréasáin Electric Ireland www.electricireland.ie nó trí ghlaoch Orainn ar 1800 372 372)
  • Tá riaráiste ar do chuntas Gáis, nó bhí, agus tá Muid den bharúil gur cuí Méadar PAYG a shuiteáil ag an áitreabh.

Gearrfar muirear ort as Gás a úsáid ag Ár dTaraif Caighdeánach PAYG.

Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé tarlú nach mbeidh roinnt den choigilteas, nó an coigilteas ar fad, a bhí á fháil agat sular suiteáladh Méadar PAYG ar fáil faoin Taraif PAYG ábhartha.
Nuair a shuiteálann Gas Networks Ireland Méadar ÍMAT ag an áitreabh, eiseoidh siad [1] [2] Cárta(í) GÁIS duit in aisce. Sannfar na Cártaí GÁIS sin do Do Mhéadar PAYG. Má chailleann Tú do Chártaí GÁIS nó má dhéanann tú damáiste dóibh, is féidir ceann nua a cheannach ag an asraon Payzone is gaire duit (nó ag gníomhaire ar bith eile atá údaraithe ag Gas Networks Ireland chun Cártaí GÁIS a eisiúint).
Nuair a bheidh Méadar PAYG suiteáilte agat, ní bhfaighidh Tú billí Gáis uainn a thuilleadh. Ina ionad sin, seolfaimid ráitis chugat maidir le d’úsáid Gáis agus na réamhíocaíochtaí atá déanta agat. Seolfar na ráitis seo chugat gach dhá mhí nó ag cibé tréimhsí níos faide a cheadóidh an Coimisiún ó am go chéile.

10. Custaiméirí Leochaileacha

Cuirfimid seirbhísí áirithe ar fáil dár gcustaiméirí a chláraíonn Linn mar chustaiméirí a bhfuil seirbhísí speisialta ag teastáil uathu, lena n-áirítear cláir thosaíochta, maidir lena n-úsáid Gáis. Tá faisnéis faoi na seirbhísí sin, agus faoin gcaoi clárú, ar fáil inár gCóid Chleachtais, féach Coinníoll 22.

11. An Méid Gáis a Sholáthraítear a Ríomh

a) Déanfar Tú a mhuirearú as an líon cileavatauaireanta (kWh) Gáis atá ídithe agat, nó a mheastar a bheith ídithe, nó a chuaigh tríd an Méadar, nó a mheastar a ritheadh tríd an Méadar le linn na Tréimhse Billeála, de réir Ollluach Calrach an Gháis arna chinneadh ag Gas Networks Ireland.
b) Cuirtear fachtóir coinbhéartachta i bhfeidhm chun an léamh Méadair nó an léamh Méadair measta a thiontú ina chileavatuaireanta (kWh). Soláthraíonn Gas Networks Ireland an fachtóir coinbhéartachta seo dúinn agus léirítear ar Do bhille é.
c) Déanfar an méid Gáis a sholáthrófar a ríomh i gcomhréir le ceanglais Threoir 2004/22/CE maidir le hionstraimí tomhais, nó le haon leasú nó athachtú ar an Treoir sin.

12. Éigeandáil Gáis/Líonra

Sa chás go bhfuil éigeandáil líonra ann, agus ar feadh tréimhse na héigeandála sin, nó i gcás éalaithe Gáis, nó éalaithe amhrasta:
a) Féadfaimid, ar iarratas ón mBainisteoir Náisiúnta Éigeandála Gáis, ón tSeirbhís Freagartha Éigeandála nó ó Gas Networks Ireland scor de sholáthar Gáis don Áitreabh, agus
b) Ní mór duit staonadh ó Ghás a úsáid láithreach tar éis dúinn nó Gas Networks Ireland nó an Bainisteoir Náisiúnta Éigeandála Gáis insint duit gur chóir duit déanamh amhlaidh.

13. Seirbhís Freagartha Éigeandála

a) Tá an tSeirbhís Freagartha Éigeandála á oibriú ag Gas Networks Ireland thar ceann na gcustaiméirí go léir.
b) Is é 1800 20 50 50 uimhir theileafóin 24 uair an chloig Sheirbhís Freagartha Éigeandála Gas Networks Ireland.
c) Glacfaimid, a mhéid is indéanta, le bearta chun Tú a chur ar an eolas faoi aon athrú ar shonraí na Seirbhíse Freagartha Éigeandála sula dtiocfaidh an t-athrú sin i bhfeidhm. Taispeánfar an t-eolas cothrom le dáta faoin tseirbhís seo ar aon chuma ar shuíomh gréasáin Gas Networks Ireland nó is féidir é a fháil trí theagmháil a dhéanamh Linn de réir Choinníoll 21.

14. An Soláthar Gáis a Scor

Fanfaidh aon Mhéadar a sholáthrófar duit mar mhaoin de chuid Gas Networks Ireland agus féadfaidh Gas Networks Ireland é a bhaint as nó a dhínascadh sna cúinsí seo a leanas:
a) faoi threoir uainn, de réir Choinníoll 16(b) nó
b) ar mhaithe le sábháilteacht, nó
c ) má táthar in amhras gur cuireadh isteach air, nó
d) mura bhfuil aon soláthraí gníomhach Gáis ag d’Áitreabh.

15. Do Cheart chun Deireadh a chur leis an gComhaontú

a) Má tá Tú ag Bogadh go hÁitreabh eile agus/nó mura dteastaíonn uait Do chuntas Gáis a choinneáil oscailte a thuilleadh, ní mór Duit fógra seacht (7) lá féilire a thabhairt Dúinn sula bhfágfaidh Tú an t-áitreabh (nó mar a aontaímid ar shlí eile) trí ghlaoch orainn ar an teileafón nó trí scríobh chugainn (de réir Choinníoll 21) agus íoc as an méid atá dlite as an nGás go léir a úsáideadh suas go dtí dáta an fhoirceanta sin agus as aon muirir agus oibleagáidí eile i Do Phraghasphlean nó seirbhísí a d’aontaíomar a sholáthar Duit faoin gComhaontú seo. Beidh tú dlite i gcónaí i leith aon Gháis a úsáidtear san Áitreabh go dtí go dtabharfar an fógra seo agus an fógra a bheith imithe in éag agus an léamh Méadair curtha in iúl duit Dúinn, nó go bhfuil rochtain éascaithe agat do Gas Networks Ireland chun an Méadar a léamh. Sa chás nach soláthraíonn Tú léamh, nó nach n-éascaíonn rochtain chun an méadar a ghlasáil, déanfaidh Muid an léamh deiridh a mheas agus ní mór Duit glacadh le haon mhuirear a thiocfadh as an meastachán sin mar an méid a bheidh dlite ar Do bhille deiridh.
b) Ní dhéanfaidh deireadh an Chomhaontaithe difear d'aon chearta nó dualgais atá fabhraithe Duit sula dtiocfaidh deireadh leis an gComhaontú.
c) I gcás ina n-aistarraingeofar an soláthar Gáis mar gheall ar Do mhainneachtain, íocfaidh Tú Linn gach costas a tabhófar go réasúnach agus costas aistarraingthe an tsoláthair, agus athcheangail ina dhiaidh sin, más ann dó, i gcomhréir le muirir rialaithe agus leis an gCód Cleachtais.
d) Tá tuilleadh faisnéise maidir le beartas agus nósanna imeachta Gas Networks Ireland chun méadair a ghlasáil nó an soláthar Gáis a tharraingt siar ón Líonra Gáis leagtha amach i gCód Cleachtais Gas Networks Ireland.
e) I gcás Do bháis, beidh d’ionadaí pearsanta, nó áititheoirí an Áitribh de thuras na huaire, nó an dá pháirtí le chéile, faoi dhliteanas i leith aon soláthar leanúnach Gáis don Áitreabh go dtí go ndéanfar Comhaontú nua chun Gás a sholáthar don Áitreabh nó go dtí go dtagann deireadh leis an gComhaontú seo.

16. Ár gCeartsan Soláthar a Tharraingt Siar agus Deireadh a Chur leis an gComhaontú

Féadfaimid iarraidh ar Gas Networks Ireland do sholáthar Gáis a tharraingt siar (dícheangal) sa chás:
a) Nár íoc tú as aon bhille don Ghás atá soláthartha againn nó as aon mhéid eile faoin gComhaontú seo chun Gás a sholáthar.
b) Nár aontaigh tú le socrú chun íocaíocht a dhéanamh i dtráthchodanna nó gur sháraigh Tú socrú a bhí comhaontaithe.
c) Go gcuireann do shuiteáil nó úsáid Gáis isteach ar an gcóras dáileacháin nó go gcuireann sé isteach ar chustaiméirí eile.
d) Gur shín tú an soláthar chuig duine eile a mheasann Muid a bheith ina chustaiméir ar leithligh.
e) Ní chomhlíonann Tú d’oibleagáidí ar fad faoi na coinníollacha seo nó faoi Théarmaí agus Coinníollacha Gaslink, Gas Networks Ireland, d’Úsáideoirí Gáis ag Pointí Asraoin Méadraithe Neamh-Laethúla (NDM), agus teipeann ort rudaí a chur ina gceart.
f) Gur úsáid Tú Gás gan chead nó gur ghoid Tú Gás.
g) Gur tháinig Tú chun bheith dócmhainneach, go bhfuil glacadóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir Agat, nó go ndearna Tú socrú le Do chreidiúnaithe.
h) Gur mór dúinn é sin a dhéanamh de réir an dlí.
i) Nach bhfuil sé praiticiúil a thuilleadh Gás a sholáthar ar chúiseanna nach bhfuil smacht againn orthu.
j) Gur iarr tú orainn é déanamh amhlaidh.
k) Gan fógra, má chuireann an Bainisteoir Náisiúnta Éigeandála Gáis, an tSeirbhís Práinnfhreagartha nó Gas Networks Ireland in iúl dúinn go bhfuil aon bhaol dóiteáin nó pléascadh nó gortú do dhaoine nó do mhaoin mar thoradh ar aon lochtanna nó lochtanna amhrasta sa phríomhsholáthar. , píopa seirbhíse, suiteáil Méadar nó na Fearais agus ní cheartaítear é seo laistigh de thréimhse réasúnta ama.
l) Gan fógra, má mheasann muid go bhfuil aon bhaol dóiteáin nó pléasctha nó díobhála do dhaoine nó do réadmhaoin i ngeall ar aon locht nó locht amhrasta sa phríomhlíonra soláthair, píopa seirbhíse, suiteáil Méadair, nó Do suiteálacha inmheánacha chomh fada leis na Fearais, agus na Fearais sin san áireamh.
m) Gan fógra, mura bhfuil Ceadúnas againn a thuilleadh chun d’Áitreabh a sholáthar.
n) Gan fógra, má thugtar treoir soláthair rogha dheiridh do sholáthraí eile maidir leis an Áitreabh, agus go dtiocfaidh deireadh leis an gConradh ar an dáta a dtiocfaidh an treoir i bhfeidhm.

17. Gearáin

a) Tá sé Chód Cleachtais againn; Láimhseáil Gearán, Margaíocht agus Fógraíocht, Clárú Custaiméirí, Billeáil agus Dínascadh, Méadrú Íoc mar a Úsáidtear, Custaiméirí Leochaileacha, agus leagtar amach iontu an chaoi a ndéanaimid Ár ngnó i gach ceann de na réimsí sin mar aon leis na seirbhísí agus na leibhéil seirbhíse Is féidir Leat a bheith ag súil leo.
Chun cóipeanna saor in aisce a fháil, cuir glaoch orainn ar 1800 372 372 nó tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin ag www.electricireland.ie/residential/helpful-links/customer-service-guarantees.
b) Tá Cairt Chustaiméirí againn a leagann amach Ár dtiomantais seirbhíse do chustaiméirí agus Ár seacht gcaighdeán ráthaithe seirbhíse. Chun cóipeanna saor in aisce a fháil cuir glaoch orainn le do thoil ar 1800 372 372 nó tabhair cuairt ar Ár suíomh gréasáin ag www.electricireland.ie

18. Difríocht sna Coinníollacha Ginearálta

Is féidir linn na Coinníollacha seo a leasú, a athrú nó cur leo tráth ar bith i ndiaidh fógra tríocha lá (30) a thabhairt Duit. Léireofar san fhógra sin cá háit ar féidir Leat na Coinníollacha nua a fheiceáil nó cóip a fháil díobh agus cuirfear in iúl duit ann go bhfuil an ceart agat deireadh a chur le do chonradh. Cuirfimid ar an eolas thú faoi aon athrú i scríbhinn, trí ríomhphost, ar do bhille nó in éineacht leis, trí SMS 30 lá ar a laghad sula dtiocfadh aon athrú i bhfeidhm. Mura bhfuil aon athrú, breisiú nó leasú inghlactha Duit, féadfaidh Tú deireadh a chur leis an gComhaontú de réir Choinníoll 15(a) (na Coinníollacha neamhathraithe atá i bhfeidhm le linn na tréimhse fógra tríocha (30) lá, nó measfar gur ghlac Tú leis na Coinníollacha nua. Cuirfimid cóip de na Coinníollacha nua ar fáil duit ocht lá is fiche (28) ar a laghad sula dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm.

19. Sannachán

a. Ní fhéadfaidh tú an Conradh nó an Comhaontú seo a shannadh gan cead a bheith faighte Uainn.
b. Féadfaimid, gan Do Chomhaontú, Ár gCearta go léir nó cuid acu a shannadh nó a aistriú agus aon cheann dár n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo a ligean ar fochonradh do pháirtí a bhfuil an t-údarú/na húdaruithe riachtanacha aige nó aici.
c. Ar a leithéid de shannadh nó aistriú, féadfaimid d’éarlais Slándála agus aon ús ann a thabhairt ar láimh don pháirtí a luaitear in 19 b nó é a aisíoc Duit.

20. Fógraí

Seachas fógraí um athrú praghais arna n-eisiúint faoi Choinníoll 8(c), beidh fógra cuí tugtha againn Duit:
a) Má sheol Muid an fógra tríd an bpost chuig Do sheoladh deireanach ar eolas.
b) Má Dhírigh Muid an fógra chuig roinnt custaiméirí nó chuig gach custaiméir i bhfógra i nuachtán náisiúnta. D’fhéadfadh sé go mbeadh fógraí san áireamh in aon chumarsáid eile a sheolfaidh Muid Chugat.
c) Beidh fógra cuí tugtha Agat Dúinn má sheolann Tú an fógra tríd an bpost Chugainn chuig Ár bpríomhoifig de réir Choinníoll 21.

21. Sonraí Teagmhála

a. Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár Rannóg Seirbhíse do Chustaiméirí ag:
Electric Ireland
P.O Box 841,
Oifig Seachadta Dheisceart na Cathrach,
An Tóchar, Contae Chorcaí
Ar an nguthán: 1800 372 372
Ar an nguthán (lasmuigh d’Éirinn) +353 1 852 9534

Ar an ríomhphost: service@electricireland.ie

Is féidir faisnéis áirithe arna soláthar sna Coinníollacha a fháil freisin ar Ár suíomh gréasáin ag www.electricireland.ie
b. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí an fhaisnéis teagmhála sin a leasú nó a athrú ó am go chéile. Taispeánfar an fhaisnéis cothrom le dáta maidir leis seo ar Ár suíomh gréasáin agus ar Do bhille.

22. Ár gCóid Chleachtais agus ár gCairt Custaiméirí

Tá seacht gCód Cleachtais againn; Láimhseáil Gearán, Margaíocht agus Fógraíocht, Clárú Custaiméirí, Billeáil agus Dínascadh, Méadrú Íoc mar a Úsáidtear agus Custaiméirí Leochaileacha, agus leagtar amach iontu an chaoi a ndéanaimid Ár ngnó i gach ceann de na réimsí sin mar aon leis na seirbhísí agus na leibhéil seirbhíse Is féidir Leat a bheith ag súil leo.

Chun cóipeanna saor in aisce a fháil cuir glaoch orainn le do thoil ar 1800 372 372 nó tabhair cuairt ar Ár suíomh gréasáin ag www.electricireland.ie Tá Cairt Chustaiméirí againn ina leagtar amach Ár dtiomantais seirbhíse do chustaiméirí agus Ár seacht gcaighdeán ráthaithe seirbhíse. Chun cóipeanna saor in aisce a fháil cuir glaoch orainn le do thoil ar 1800 372 372 nó tabhair cuairt ar Ár suíomh gréasáin ag www.electricireland.ie

23. Fógra um chosaint sonraí

a) Ionas gur féidir Linn seirbhís éifeachtach a sholáthar Duit, agus chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, tá sé riachtanach Dúinne sonraí a bhaineann leatsa (“Sonraí Pearsanta”) a bhailiú agus a úsáid. Áirítear leis sin D’ainm, do sheoladh agus do shonraí teagmhála, faisnéis a bhaineann le d’ídiú leictreachais agus sonraí billeála agus íocaíochta. Nuair is cuí, d’fhéadfaimis faisnéis a sholáthair Tusa a choinneáil chomh maith, ar nós freagraí ar cheisteanna slándála, sonraí cuntais bainc/cárta creidmheasa/cárta dochair agus/nó faisnéis a bhaineann le cúinsí speisialta a d’fhéadfadh a bheith agat
b) I gcás ina n-aistríonn tú Chugainne ó sholáthróir eile, féadfaidh Muid sonraí faoi Do stair chuntais a fháil ón soláthróir eile sin.
c) Coimeádfaimid, úsáidfimid agus cosnóimid do chuid Sonraí Pearsanta de réir dlíthe cosanta sonraí agus príobháideachais.
d) Féadfaidh Muid do chuid Sonraí Pearsanta a nochtadh do dhaoine atá ag soláthar seirbhísí dúinn faoi chonradh. Táimid freagrach as a chinntiú go láimhseálfaidh agus go gcosnóidh na daoine sin do chuid Sonraí Pearsanta de réir Ár gcaighdeán.
e) Sa chás go n-éilítear faoin dlí é, féadfaimid Do Shonraí Pearsanta a nochtadh d’údaráis amhail An Garda Síochána nó Údaráis Áitiúla. D’fhéadfaimis cuid de do chuid Sonraí Pearsanta nó iad go léir a nochtadh do sholáthróirí eile sna cúinsí seo a leanas:
a. I gcás ina n-aistríonn tú do chuntas chuig an soláthróir eile sin; nó
b. I gcás go dteipfeadh ar an margadh a bhaineann le mainneachtain soláthróra, chuig Soláthróir na Rogha Deiridh arna ainmniú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas
f) Nuair is gá, iarrfaimid do thoiliú maidir le húsáidí sonracha do Shonraí Pearsanta. I gcás ina dtugann tú an toiliú sin, beidh tú i dteideal é a chúlghairm am ar bith.
g) Tá cearta suntasacha agat maidir leis na Sonraí Pearsanta atá á gcoinneáil againn fút. Áirítear ar na cearta sin
a. Rochtain a fháil ar na Sonraí Pearsanta a choinnímid fút agus cóipeanna díobh
b. Go ndéanfar ceartú ar aon Sonraí Pearsanta atá míchruinn
c. Go ndéanfar Sonraí Pearsanta nach dteastaíonn uainn a thuilleadh a ghlanadh nó a scriosadh
h) D’fhéadfadh sé go ndéanfaí d’fhaisnéis phearsanta a aistriú chuig Oibreoir an Chórais Dáileacháin ar mhaithe le soláthar do d’áitreabh a choimeád agus a oibriú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus faoin dóigh a ndéanaimid iad a bhainistiú agus a chosaint, féach ár bhFógra Príobháideachta, atá le fáil ag www.electricireland.ie/privacy nó Is féidir leat cóip a fháil trí theagmháil a dhéanamh linn de réir na sonraí teagmhála ag Coinníoll 21 sa doiciméad seo. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ach dul i dteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí trí ríomhphost ag dpo@esb.ie nó tríd an bpost ag an Oifigeach Cosanta Sonraí, Ceannoifig ESB, 27 Sráid Mhic Liam Íochtarach, D02 KT92, Baile Átha Cliath 2.

24. Margaíocht

Féadfaimid, agus/nó gníomhairí a ghníomhaíonn ar ár son, teagmháil a dhéanamh Leat trí theachtaireacht téacs, ríomhphost, post, teileafón nó go pearsanta le faisnéis faoi tháirgí nó seirbhísí (a bhaineann le Gás, leictreachas nó táirgí agus seirbhísí eile, lena n-áirítear iad siúd a thairgeann tríú páirtithe) a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar spéise duit. Lean na treoracha thíos go cúramach lena chinntiú go ndéanfar do shainroghanna margaíochta a urramú.
Mura dteastaíonn uait go ndéanfaí teagmháil Leat, feidhmigh Do cheart chun rogha an diúltaithe a dhéanamh mar a mhínítear thíos:
Conas do cheart chun rogha an diúltaithe a fheidhmiú
Is féidir leat do cheart chun rogha an diúltaithe a fheidhmiú trí scríobh chugainn de réir Choinníoll 21 nó trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag service@electricireland.ie.

25. Ginearálta

a) Is ar bhonn áisiúlachta amháin a úsáidtear na ceannteidil sna Coinníollacha seo agus ní dhéanfaidh siad aon difear dá léirmhíniú.
b) Má tharscaoilimid sárú ar an gComhaontú a rinne Tusa, ní mheasfar go bhfuil ná go cuimsíonn an tarscaoileadh sin tarscaoileadh ar aon sárú a rinne Tú roimhe seo nó ina dhiaidh sin ar an bhforáil chéanna nó ar aon fhoráil eile.
c) Má chinneann údarás inniúil go bhfuil aon fhoráil de na Coinníollacha seo neamhbhailí nó neamh-infheidhmithe go hiomlán nó go páirteach, ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear do bhailíocht fhorálacha eile na gCoinníollacha seo agus den chuid eile den fhoráil lena mbaineann.
d) I gcás go bhfuil níos mó ná duine nó eintiteas amháin i gceist Leat, beidh gach duine nó eintiteas den sórt sin faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith Do chuid oibleagáidí faoin gComhaontú seo.

26. Teagmhais Nach bhfuil Neart Againn Orthu

Ní bheidh orainn aon oibleagáid faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh má chuirfear cosc Orainn é sin a dhéanamh le cúis ar bith nach bhfuil smacht réasúnta againn air. Áirítear leis sin, ach gan bheith teoranta do, cliseadh nó ganntanas soláthairtí cumhachta, corraíl shibhialta, ganntanas saothair nó díospóid saothair, treoracha nó iarratais ón Rialtas, ó eagraíocht seirbhísí éigeandála, nó ó údarás inniúil eile, nó ó oibleagáidí dlíthiúla ar bith eile.

27. Aisíocaíochtaí

Déanfaimid aon aisíocaíocht atá dlite dár gCustaiméirí a phróiseáil gan mhoill de réir nósanna imeachta comhaontaithe.

28. Conarthaí Measta

a) Cuirfear Conradh Measta i bhfeidhm go huathoibríoch i gcás nach mbeidh áitreabh faoi réir conradh le haghaidh soláthar leictreachais ag Electric Ireland a thuilleadh ach go bhfuil sé ceangailte le soláthar i gcás gurb é Electric Ireland an soláthróir cláraithe.
b) Cuirfear tús le Conradh Measta ar an dáta a ghlacfaidh tú an soláthar leictreachais ó Electric Ireland sna cúinsí a gcuirtear síos orthu in a) thuas.
c) Is éard atá i gConradh Measta ná comhaontú le haghaidh soláthar leictreachais atá infheidhmithe le dlí idir Tú féin agus Electric Ireland.
d) Baineann na Coinníollacha Ginearálta 1 go 27 le Conradh Measta seachas a mhéid atá siad ar neamhréir leis an gCoinníoll 28 seo.
e) Tá deis ag custaiméirí a fhaigheann soláthar faoi Chonradh Measta conradh soláthair a dhéanamh le Electric Ireland nó le soláthróir eile.
f) I gcás ina bhfuil Conradh Measta i bhfeidhm, leanfar leis an gconradh sin go dtí go gcláróidh Tú agus go ndéanfaidh tú conradh nua le Electric Ireland, nó go ndéanfaidh Tú conradh le soláthróir eile.
g) Faoi Chonradh Measta, gearrfar rátaí caighdeánacha Electric Ireland ort agus beidh tú freagrach as an leictreachas a sholáthrófar a íoc.
h) Faoi Chonradh Measta, eiseoimid billí chuig do réadmhaoin bunaithe ar léamh méadair iarbhír nó léamh méadair measta, agus beidh an bille sin le híoc agat.
i) I gcás nach bhfuil áitreabh faoi réir conradh soláthair le Electric Ireland a thuilleadh agus go bhfuil sé á sholáthar faoi Chonradh Measta, beidh sé i mbaol go ndícheanglófar é.