Conas is féidir liom mo bhille leictreachais agus gáis Electric Ireland a íoc?
Níorbh fhusa riamh do bhille a íoc. Agus tá réimse leathan roghanna íocaíochta ar fáil anois atá deartha chun íoc do bhille a dhéanamh níos áisiúla ná mar a bhí riamh cheana.
Is féidir leat íoc le do Chárta Dochair nó Carta Creidhmheasa, clárú ar Chárta Dochair nó Gas Equaliser nó íoc le ceann de na roghanna seo a leanas:
Do Chuntas ar Líne
Is féidir leat do bhille leictreachais agus/nó gáis a íoc ach logáil isteach ar Do Chuntas ar Líne. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin is féidir déanamh amhlaidh anois chun lánleas a bhaint as íocaíochtaí simplí agus sábháilte.
Payzone
Más mian leat cárta Easypay a fháil seol ríomhphost chugainn ag Service@electricireland.ie
Íoctar Mar A Úsáidtear
Is féidir leat breis airgid a chur isteach i do mhéadar Íoctar Mar A Úsáidtear Níos Cliste uair ar bith ach an fhoirm seo a úsáid. Más custaiméir gáis Íoctar Mar A Úsáidtear thú is féidir leat breis airgid a chur isteach i do chuntas in aon ionad díolacháin de chuid An Post nó PostPoint nó aon siopa a bhfuil an lógó payzone ar taispeáint ann.
In aon Ionad Díolacháin de chuid An Post nó PostPoint
Do Bhanc
Íoc in aon bhrainse de chuid AIB trí úsáid a bhaint as an duillín Gioró Bainc ó do bhille.
Is féidir le custaiméirí de chuid Bhanc na hÉireann a gcuid billí a íoc ag aon ATM de chuid Bhanc na hÉireann. Baincéireacht ar Líne - Íoc trí sheirbhís baincéireachta idirlín (no teileafóin) do bhainc. Ná déan dearmad ar d‘Uimhir Cuntais 9 ndigit de chuid Electric Ireland a lua sa réimse tagartha.
MyBills.ie
Bain úsáid as mybills.ie, an tseirbhís íocaíochta billí in aisce ar líne atá á chur ar fáil ag An Post.
Tríd an bPost
Ní ghlacaimid le hairgead tríd an bpost. Seol seic (a tharraingítear ar sheic ó bhanc ceadúnaithe) le híoc le Electric Ireland agus do dhuillín Aistrithe Creidmheasa Gioró Bainc comhlánaithe atá ar fáil ag bun do bhille chuig:
Bosca PO 323
An tOileán Beag
Corcaigh
Sábháil Am!
Íoslódáil an aip íocaíochtaí s’againn.
Scéim Buiséid Teaghlaigh
Le haghaidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais téigh chuig suíomh gréasáin An Post.