Cabhair

Treoir do Thiarnaí Talún agus do Ghníomhairí Ligin maidir le bogadh isteach agus bogadh amach

Tá dhá rogha ar fáil do thiarnaí talún agus do ghníomhairí ligin a chinnteoidh nach mbeidh an tsoláthar leictreachais agus/nó gáis dícheangailte óna n-áitreabh sa tréimhse idir ligean agus nach ngearrfar orthu na táillí dícheangail agus athcheangail lena mbaineann.

Rogha 1 – foirm chomhaontaithe an Tiarna Talún 

Leis an bhfoirm seo a chomhlíonadh aontaíonn tú le freagracht a ghlacadh as na cuntais ar d'áitreabh sa tréimhse idir tionónta amháin a bheith ag bogadh amach agus tionónta nua ag bogadh isteach. Ní gá ach an fhoirm a chomhlíonadh uair amháin, ansin cuirfear an socrú i ngníomh idir tréimhsí ligin go huathoibríoch.

Rogha 2 – An cuntas a athrú chuig d'ainm féin 

Mar rogha eile duit maidir leis na tréimhsí seo idir ligean, is féidir leat an fhoirm bogadh isteach a chomhlíonadh rud a chiallaíonn go nglacfaidh tú freagracht as an gcuntas/na gcuntais go dtí go mbogfaidh tionónta nua isteach leis an bhfreagracht sin a ghlacadh.