Cad is Cáin Charbóin ann?
Ós custaiméir gáis thú in Éirinn, taispeánfar Cáin Charbóin ar do bhille.
Le Bille Airgeadais 2010 an Rialtais tugadh isteach cáin charbóin a ghearrtar ar olaí mianracha, gás nádúrtha agus breoslaí soladacha arna soláthar le dó in Éirinn.
Ón 1 Bealtaine 2012, tháinig méadú ar an gcáin ar ghás nádúrtha ó €15 go dtí €20 in aghaidh an tona de Dhé-ocsaíd Charbóin (CO2) a astaítear. Ní mór do gach soláthraí gáis an cháin charbóin a ghearradh ar bhillí a gcustaiméirí.
Is é 0.370 cent/kWh ráta na cánach carbóin a fheicfidh tú ar do bhille.
Gheofar tuilleadh sonraí ar
www.revenue.ie.