Tá níos mó ná cuntas amháin agam. An féidir liom mo chuntais go léir a chlárú san am céanna?
A luaithe is a logálann tú isteach chuig do chuntas ar líne, feicfidh tú liosta de na cuntais uile atá cláraithe i d'ainm. Mar sin, má chláraigh tú do chuid leictreachais le haghaidh billeála ar líne, cuirfear do bhille gáis go huathoibríoch le do chuntas billeála ar líne.
Ach sa chás nach dtaispeánfar gach uile chuntas a bhfuil agat, ba cheart duit é seo a dhéanamh…
- Gabh chuig an leathanach Déan Teagmháil Linn laistigh de bhilleáil leictreonach (ebilling)
- Roghnaigh 'Cláraigh Cuntas Eile' ón roghchlár anuas.
- Cuir isteach Uimhir Chuntais an chuntais bhreise
- Más ainmneacha difriúla iad atá ar na cuntais, iarrfar ort an fáth ar mian leat an cuntas seo a chur le do bhilleáil ar líne. Is ar mhaithe le cúrsaí slándála a iarraimid é sin ort.
Tabhair faoi deara má tá ainm difriúil ar an gcuntas breise, nó más ainm cuideachta atá ann, beidh údarú ó úinéir an chuntais sin de dhíth orainn le ríomhphost nó i scríbhinn sula bhféadfar an t-iarratas a fhaomhadh.