Cabhair

Conas do mhéadar gáis a léamh

Méadar digiteach a léamh

Léigh an uimhir ó chlé go deas, agus déan neamhaird ar aon fhigiúirí ar thaobh na láimhe deise den chamóg.

meter-irish

Méadar diaile (cloig) a léamh

Bíonn sraith diaileanna le feiceáil ar an méadar, mar a léirítear thíos. Ba cheart duit é seo a léamh ó chlé go deas. 

  • Má fheiceann tú go bhfuil an tsnáthaid leath bealaigh idir dhá fhigiúr, bain úsáid as an bhfigiúr is ísle. Mar shampla, má tá sé idir 6 agus 7, bain úsáid as 6. Nó má tá an tsnáthaid idir 3 agus 4, bain úsáid as 3.
  • Is é an léamh ar an íomhá thíos ná 1842.
Illustration of a gas clock meter