Cad is IBAN/BIC ann?
IBAN
Is ionann IBAN agus Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc. Cuirtear Uimhir do Chuntais Bhainc le cód nua, rud le héascú do chuntas bainc a úsáid ar fud an AE.
Seo IBAN samplach: IE99AIBK90000012345678
Cód tíre | Seicdhigití | Cód Bainc (anAIB, sa chás seo) | Cód Sórtála | Uimhir anchuntais |
IE | 99 | AIBK | 900000 | 12345678 |
Áirítear cód sórtála an bhrainse agus uimhir do chuntais mar chuid de do IBAN. Beidh 22 carachtar in IBAN Éireannach i gcónaí, agus beidh siad san fhoirm thuas. Is éard atá sna seicdhigití ná dhá dhigit le gur féidir d'IBAN a bhailíochtú.
BIC
Is ionann BIC agus Cód Aitheantais Bainc. Tá a chód BIC féin ag gach banc san AE (gabhann sé áit na gcód sórtála).
Gheobhaidh tú do chóid IBAN agus BIC ó do bhanc agus bíonn siad araon clóite ar do ráiteas bainc.