An bhfuil mo chuid sonraí bainc agus cárta dochair slán?
Tá. Déanann ár mbogearraí freastalaí shláin do chuid faisnéise pearsanta ar fad a chriptiú lena n-áirítear uimhir do chuntais bhainc agus uimhir do chárta Dochair Visa. Leis an bpróiseas criptithe tiontaítear na carachtair a iontrálann tú go giotáin chóid a tharchuirtear go slán thar an Idirlíon ina dhiaidh sin. Úsáideann an próiseas criptithe seo SSL [sraith soicéad slán (‘secure sockets layer’)], ar prótacal criptithe caighdeánach don tionscal é.