Cabhair

Conas is féidir liom léamh méadair leictreachais a chur isteach?

Agus do léamh méadair tógtha agat is féidir leat úsáid a bhaint as foirm ar líne Electric Ireland le do léamh a chur isteach chugainn. Nó féadfaidh tú ár n-aip don léamh méadair a úsáid.

Is féidir leat ár n-aip léimh mhéadair a íoslódáil le haghaidh Windows, Android nó iPhone. Déan cuardach ar an bhfrása “Electric Ireland Meter Reading”.

Beidh an fhaisnéis a leanas de dhíth ort leis an ngníomh sin a chur i gcríoch 

  • An t-ainm atá ar do chuntas Electric Ireland (ar fáil ar do bhille Electric Ireland). 
  • Uimhir do chuntais Electric Ireland (lar fáil ar do bhille Electric Ireland) 
  • Léamh méadair (ar fáil ar do mhéadar)