Cabhair

Bogadh isteach chuig d'áitreabh nua

Seo thíos, gheobhaidh tú eolas chun tú a threorú tríd an bpróiseas ceangail. Braithfidh sé seo ar stádas an tsoláthair gháis nó leictreachais ag do sheoladh nua:

Má tá an soláthar gáis nó leictreachais ceangailte cheana féin

Má tá tú ag bogadh chuig áitreabh nua níl le déanamh agat ach ár bhfoirm ar líne um bogadh isteach a chomhlíonadh.

Má tá soláthar leictreachais gan mhéadar agat, amhail soilsiú poiblí, nó fál leictreach, glaoigh orainn, le do thoil, ar 1850 372 787 (Luan go hAoine 09.00 go 17.30) le do chuntas nua a oscailt. 

Má tá an soláthar gáis nó leictreachais dícheangailte

Déan teagmháil le Electric Ireland ar 1850 372 787 (Luan go hAoine 09.00 to 17.30) nó cuir ríomhphost chugainn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

  • D'ainm
  • Do sheoladh 
  • Uimhir theagmhála
  • GPRN le haghaidh gáis *
  • MPRN le haghaidh leictreachais**
  • Sonraí íocaíochta
  • Uimhir na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (más infheidhme)

Nótaí:

  • Glaoigh ar Gas Networks Ireland ar 1850 200 694 má tá soláthar gáis agat ach níl d'Uimhir Thagartha Ghásphointe (GPRN) agat.
  • ** Glaoigh ar ESB Networks ar 1850 372 757 mura bhfuil d'Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) agat.
  • Má tá an soláthar leictreachais dícheangailte le sé mhí anuas nó níos faide siar ná sin, ní mor duit Deimhniú Críochnaithe ETCI ó do chonraitheoir leictreach a chur ar fáil do ESB Networks.

Ceangal nua – Gás

Déan teagmháil le Gas Networks Ireland ar 1850 200 694 le hiarratas a dhéanamh ar cheangal nua gáis

Ansin, déan teagmháil le Electric Ireland ar 1850 372 787 (Luan go hAoine 09.00 to 17.30) nó cuir ríomhphost chugainn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

  • D'ainm
  • Do sheoladh 
  • Uimhir theagmhála
  • GPRN 
  • Sonraí íocaíochta
  • Uimhir na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (más infheidhme)

Déanfaimid thú a chlárú ansin mar chustaiméir de chuid Electric Ireland le haghaidh gáis.

Le do thoil, breathnaigh ar ár dtéarmaí agus coinníollacha 


Ceangal nua – Leictreachas

Déan teagmháil le ESB Networks ar 1850 372 757 le hiarratas a dhéanamh ar cheangal nua leictreachais 

Ansin, déan teagmháil le Electric Ireland ar 1850 372 787 (Luan go hAoine 09.00 to 17.30) nó cuir ríomhphost chugainn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

  • D'ainm
  • Do sheoladh 
  • Uimhir theagmhála
  • MPRN 
  • Sonraí íocaíochta
  • Uimhir na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (más infheidhme)

Ansin beidh tú cláraithe mar chustaiméir de chuid Electric Ireland le haghaidh leictreachais.

Le do thoil, breathnaigh ar ár dtéarmaí agus coinníollacha