Cabhair

Do bhille gáis Electric Ireland a thuiscint

1. Uimhir do chuntais

Is í seo uimhir do chuntais gháis Electric Ireland. Luaigh an uimhir seo gach uair dá mbíonn teagmháil agat le Electric Ireland.

2. Chun fiosrú faoin mbille seo  

Glaoigh ar 1850 372 787 chun do chuntas a fhiosrú le Electric Ireland

3. I gcás éigeandála nó Idirscoir gháis

Le héigeandáil nó le hidirscor gáis a thuairisciú, glaoigh ar Gas Networks Ireland ar 1850 20 50 50

4. GPRN

Uimhir uathúil thagartha 7 ndigit is ea an Uimhir Chlárúcháin Ghásphointe (GPRN) a úsáidtear chun ceangal méadair gháis leis an líonra gáis a shainaithint.

5. Banda SA

A- 6,000 kWh, B- 6,000 kWh – 23,500 kWh, C- 23,000 kWh – 73,000 kWh, 
Y- 73,000 kWh – 750 MWh, Z- 750 MWh – 5,500 MWh


6. Uimhir Shonraisc

Bíonn uimhir shonraisc ar leith ar gach bille.

7.Seoladh Bille

Seo é an seoladh poist a roghnaigh tú don bhille.

8. Is do _______ an bille seo

Ní thaispeánfar aon seoladh anseo ach sa chás nach ionann an seoladh poist agus an seoladh soláthair.

9. Tréimhse Bhilleála

Sin í an tréimhse inar ídíodh an gás atá mar ábhar leis an mbille.

10. Cineál an Léimh

D’fhéadfadh ceann amháin de thrí theachtaireacht éagsúla a bheith anseo: 1. Léadh do mhéadar – thug teicneoir de chuid Gas Networks Ireland cuairt ar d’áitreabh agus léadh do mhéadar. 2. Rinneadh meastachán ar d'ídiú – Léamh measta bunaithe ar do léamha roimhe seo. 3.Tusa a léigh do mhéadar – Chuir tú do léamha méadair féin ar fáil dúinn.

11. Íocaíochtaí

Achoimre ar na hidirbhearta airgeadais ar fad ón mbille deireanach agus íocaíochtaí san áireamh.

12. Iarmhéid atá Tugtha ar Aghaidh

Sin é an t-iarmhéid iomlán dlite ón tréimhse bhilleála dheiridh.

13. Muirir don Tréimhse seo

Le miondealú a fháil ar mhuirir don tréimhse seo, féach cúl an bhille.

14. Iomlán Dlite

Sin í an íocaíocht iomlán atá dlite. Gheofar rogha modhanna íocaíochta ar chúl an bhille.

15. Íoc Faoin

Ní mór gach bille a íoc faoin dáta íocaíochta. Ceadaítear 14 lá creidmheasa i gcás billí gan riaráiste agus bíonn billí i riaráiste iníoctha láithreach. Má íoctar do bhille le dochar díreach, bailítear méid an bhille go huathoibríoch ó do chuntas bainc 14 lá ina dhiaidh sin.

16. Duillín Íocaíochta

Ba cheart an duillín seo a scor agus a úsáid chun íocaíocht nach íocaíocht dhírdhochair í a dhéanamh.

17. Praghasphleananna

Seo é ainm do phraghasphlean gáis Electric Ireland.

18. Léamha Méadair

Taispeántar do léamh méadair reatha agus an léamh roimhe sin araon. Ciallaíonn 'a' i ndiaidh na huimhreach gur léamh iarbhír atá ann, ciallaíonn ‘e’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh measta atá ann agus ciallaíonn ‘c’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh custaiméara atá ann.

19. Aonaid

Seasann an figiúr seo do líon na n-aonad i méadair chiúbacha (m^3) nó i dtroithe ciúbacha (ft^3) mar ábhar leis an mbille.

20. Fachtóir Coinbhéartachta

An fachtóir coinbhéartachta a úsáidtear chun an gás a thiontú ó mhéadair chiúbacha nó ó throithe ciúbacha go kWh.

21. An gás a ídíodh (kWh) x praghas an aonaid

Líon iomlán na n-aonad a d'ídigh tú sa tréimhse bhilleála iolraithe faoi phraghas an aonaid.

22. Buanmhuirear

Taispeántar an buanmhuirear mar fhigiúr laethúil a iolraítear faoi líon beacht na laethanta atá clúdaithe i do bhille.

23. Cáin Charbóin

Ón 1 Bealtaine 2012, is é € 0.00370 de réir kWh ráta na Cánach Carbóin.

24. Astaíochtaí carbóin

Taispeánann sé an líon cileagram de CO2 a táirgeadh de thoradh an mhéid fuinnimh a d’ídigh tú sa tréimhse seo.