Cabhair

Conas léamh méadair gháis a chur isteach

Féadfaidh tú do léamh méadair gháis féin a thógáil agus é a chur isteach chugainn ar líne.

Faigh amach conas do mhéadar a léamh anseo.

Bain úsáid as foirm ar líne Electric Ireland le do léamh méadair a chur isteach

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil uait leis an bhfoirm seo a chomhlíonadh…

  • An t-ainm atá ar an gcuntas
  • Uimhir an chuntais
  • GPRN
  • Uimhir an mhéadair 
  • Léamh méadair

Is féidir leat do léamh méadair a chur isteach ag baint úsáide as foirm ar líne Gas Networks Ireland 
nó 
Glaoigh ar Gas Networks Ireland ar 1850 427 732 le do léamh a chur isteach.

Ba chóir duit do léamh a chur isteach chuig Gas Networks Ireland laistigh de 24 uair an chloig ón am a fágadh cárta neamhrochtana ag an léitheoir méadair.