DÚN
Cabhair
Fadhb agat le do bhille leictreachais nó gáis a íoc? Roghanna íocaíochta agus tuilleadh …
Má bhíonn sé deacair ort do bhille a íoc, is féidir leat glaoch orainn ar 1850 372 372. Ba mhór againn cloisteáil uait agus bheadh muid in na roghanna íocaíochta atá ar fáil duit a phlé, méadair réamhíocaíochtaí san áireamh dá mbeadh an rogha sin feiliúnach duit. Sula gcuirfidh tú glao orainn, bíodh d'uimhir MPRN (le haghaidh leictreachais) nó GPRN (le haghaidh gáis) agus uimhir do chuntais (le fáil ar do bhille) réidh agat le do thoil.
Breathnaigh ar ár rannán faoin
Éifeachtúlacht Fuinnimh
agus gheobhaidh tú noda a chabhróidh leat do bhillí a laghdú.
Is féidir leat dul i dteagmháil freisin le
MABS
, an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (Éire). Is eagraíocht neamhbhrabúis comhairleoireachta fiachais í seo, a thabharfadh breis comhairle agus cabhair duit.
Do chustaiméirí leictreachais:
Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh agus tá tú páirteach sa
Scéim Bhuiséid Teaghlaigh de chuid An Post
, is féidir go mbeidh tú i dteideal ár bPraghasphlean Bhuiséid Teaghlaigh a roghnú. Glaoigh ar 1850 50 40 20 agus faigh tuilleadh eolais.