Do bhille leictreachais Electric Ireland a thuiscint
Seo roinnt de na téarmaí a fheicfidh tú ar do bhille leictreachais:
1. Uimhir do chuntais
Is í seo uimhir do chuntais leictreachais Electric Ireland. Ba chóir duit an uimhir seo a lua gach uair dá mbíonn teagmháil agat le Electric Ireland.
2. Chun fiosrú faoin mbille seo
Déan teagmháil linn ar 1850 372 787 le ceist a chur faoi do chuntas.
3. I gcás éigeandála nó idirscor leictreachais Le héigeandáil nó idirscor leictreachais a thuairisciú, glaoigh ar ESB Networks ar 1850 372 999
4. MPRN
Aithneofar le d'Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) do cheangal le Líonra an ESB agus tugtar uimhir uathúil ar do ghnó féin. Ní mór duit d'uimhir MPRN a lua má bhíonn ceist agat ar ESB Networks .
5. DG, MC agus Próifíl.
Úsáidtear iad seo le do Chumraíocht Méadair agus do Phróifíl úsáide a shainaithint.
6. Uimhir Shonraisc
Bíonn uimhir shonraisc ar leith ar gach bille.
7.Seoladh Bille
An seoladh poist a chláraigh tú linn i dtosach.
8. Is do _______ an bille seo
Ní bheidh aon seoladh anseo ach sa chás nach ionann an seoladh poist ar an mbille agus an seoladh soláthair.
9. Tréimhse Bhilleála
Sin í an tréimhse inar ídíodh an leictreachas atá mar ábhar leis an mbille.
10. Cineál an Léimh
Taispeánfar ceann de na teachtaireachtaí seo a leanas ar do bhille:
- Léadh do mhéadar: Thug teicneoir de chuid ESB Networks cuairt ar d’áitreabh agus léadh do mhéadar.
- Rinneadh meastachán ar d’ídiú: Léamh measta bunaithe ar do léamha roimhe seo.
- Tusa a léigh do mhéadar: Chuir tú do léamha méadair féin ar fáil dúinn.
11. Íocaíochtaí
Taispeántar anseo achoimre ar na hidirbhearta airgeadais ar fad ó do bhille deireanach, agus íocaíochtaí san áireamh.
12. Iarmhéid atá Tugtha ar Aghaidh
Sin é an t-iarmhéid iomlán dlite ón tréimhse bhilleála dheiridh.
13. Muirir don Tréimhse seo Le miondealú a fháil ar do bhille féach ar chúl do bhille
14. Iomlán Dlite
Sin é an íocaíocht iomlán atá dlite. Gheofar rogha modhanna íocaíochta ar chúl do bhille.
15. Íoc Faoin
Ní mór gach bille a íoc faoin dáta íocaíochta. Ceadaítear 14 lá creidmheasa i gcás billí gan riaráiste. Bíonn billí le riaráiste iníoctha láithreach bonn. Má íoctar an bille le dochar díreach, bailítear méid an bhille go huathoibríoch ó do chuntas bainc 14 lá ina dhiaidh sin.
16.Duillín Íocaíochta
Ba cheart an duillín seo a scor agus a úsáid chun íocaíocht nach íocaíocht dhírdhochair í a dhéanamh.
17. Praghasp-hleananna
Sin é ainm do phraghasphlean leictreachais.
18. Léamha Méadair
Taispeántar do léamh mhéadair reatha agus an léamh roimhe sin araon. Ciallaíonn ‘a' i ndiaidh na huimhreach gur léamh iarbhír atá ann, ciallaíonn ‘e’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh measta atá ann agus ciallaíonn ‘c’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh custaiméara atá ann.
19. Úsáid aonad x Praghas an aonaid
Líon iomlán na n-aonad ídithe le linn do thréimhse bhilleála iolraithe faoi phraghas an aonaid. Is ionann aonad amháin agus 1 kWh.
20. Buanmhuirear
Taispeántar an buanmhuirear mar fhigiúr laethúil a iolraítear faoi líon beacht na laethanta atá clúdaithe i do bhille.
21. An Tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí
Sainordú ón Rialtas is ea An Tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) agus é formheasta ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú le leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí inbhuanaithe, in-athnuaite agus dúchasacha.
Ríomhtar an tobhach agus deimhnítear é ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh (CER) gach bliain ar aon dul leis an reachtaíocht lena mbaineann agus ceanglaítear ar gach soláthraí fuinnimh an tobhach seo a bhailiú ó chustaiméirí.
22. Astaíochtaí carbóin
Taispeánann sé an líon cileagram de CO2 a táirgeadh de thoradh an méid fuinnimh a d'ídigh tú sa tréimhse seo.
Más custaiméir gnó thionsclaíoch thú, d'fhéadfá cuid de na téarmaí seo a fheiceáil ar do bhille leictreachais:
Lódfhachtóir
Is éard is Lódfhachtóir ann
cóimheas an mheánídithe leictreachais leis an ídiú buaicphointe in áitreabh gnó le linn tréimhse faoi leith.
Léiríonn sé cibé an bhfuil an t-ídiú leictreachais i do ghnó seasta nó an bhfuil buaicphointí foircneacha ann. A íseal a bhíonn an lódfhachtóir is é is mó buaicphointí a bheidh i gceist leis na lóid. Meastar lódfhachtóir níos ísle ná 20% a bheith an-lag.
Fachtóir cumhachta = 1 nó níos ísle
Úsáidtear an téarma seo chun cur síos ar an gcaidreamh idir cumhacht kW, kVAr, agus kVA.
Bíonn an fachtóir cumhachta ionann le 1 nó níos ísle i gcónaí. Mar shampla, más ionann d'fhachtóir cumhachta le 1, beidh an chumhacht kW atá á húsáid ionann leis an kVA.
Má tá d'fhachtóir cumhachta níos ísle ná 1, beidh roinnt den chumhacht éavatach á hídiú ar d'áitreabh. Ní ghearrfaimid táille ort as an gcumhacht éavatach ach nuair a théann an fachtóir cumhachta faoi 0.95.
Aonad éavatach (kVArh) = 1000 aimpéar volta freasaitheach le haghaidh 1 uair
Is é kVArh an t-aonad tomhais maidir leis an gcumhacht fhreasaitheach/éavatach a ídítear.
Tá an chumhacht leictreach comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas…
- cumhacht ‘ghníomhach/fíorchumhacht’ (kW)
cumhacht ‘fhreasaitheach/éavatach’ (kVAr). Nuair a chuirtear iad seo le chéile tugtar an chumhacht 'dhealraitheach' orthu (kVA).
Teastaíonn cumhacht ‘fhreasaitheach/éavatach' do mhótair mhóra le hoibriú mar is ceart. Is féidir le do ghnó cumhacht fhreasaitheach a laghdú/a dhíothú trí threalamh ceartaithe fachtóir cumhachta a fheistiú. Ba chóir duit é sin a phlé le do chonraitheoir leictreach.
Taifeadtar táillí éavatacha ar mhéadar ar leithligh.
Cileavata (kW) = 1000 vata (W)
Is é cileavata (kW) an téarma a úsáidtear de ghnáth maidir le cumhacht leictreach ‘ghníomhach/fíorchumhacht leictreach, ar a dtugtar ‘Éileamh’ nó ‘Lód’ corruair.
Tá an chumhacht leictreach comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas…
- Cumhacht ‘ghníomhach/fíorchumhacht’ (kW)
- Cumhacht fhreasaitheach/éavatach (kVAr)
Nuair a chuirtear iad seo le chéile, tugtar an chumhacht 'dhealraitheach' orthu (kVA).
Meigeavata (MW) = 1000 cileavata (kW)
Úsáidtear meigeavata corruair mar aonad tomhais le haghaidh lód leictreach mór a sholáthraítear do chustaiméirí gnó.
Meigeavatuair (MWh) = 1000 cileavatuair (kWh):
Úsáidtear MWhanna le hídiú fuinnimh na ngnólachtaí móra tionsclaíochta a thomhas.
Cileavolta-Aimpéir (kVA) = 1000 voltaimpéar
Is é seo an téarma a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar leibhéal na cumhachta 'dealraithí' a iompórtálann do ghnó.
Is é an bonn maidir le do chonradh Uaschumas Iompórtála (MIC) le ESB Networks.