Cabhair

Bogadh amach as d'áitreabh reatha agus bogadh isteach chuig áitreabh nua

Má tá tú ag fágáil d'áitreabh reatha agus gan freagracht ort a thuilleadh as muirir gháis nó leictreachais ann, ach go mbeidh tú ag bogadh isteach chuig áitreabh nua, níl le déanamh agat ach ár bhfoirm ar líne um Bogadh amach/Bogadh isteach a chomhlíonadh.

Má tá soláthar leictreachais gan mhéadar agat, amhail soilsiú poiblí nó fál leictreach, glaoigh orainn, le do thoil, ar 1850 372 787 (Luan go hAoine 09.00 to 17.30) le haistriú do chuntais a chur i gcrích. 


Má tá an soláthar gáis nó leictreachais dícheangailte san áitreabh nua

Déan teagmháil le Electric Ireland ar 1850 372 787 (Luan go hAoine 09.00 go 17.30) nó cuir ríomhphost chugainn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

  • D'ainm
  • Do sheoladh 
  • Uimhir theagmhála
  • GPRN le haghaidh gáis *
  • MPRN le haghaidh leictreachais**
  • Sonraí íocaíochta
  • Uimhir na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (más infheidhme)
Nótaí:
  • Glaoigh ar Gas Networks Ireland ar 1850 200 694 má tá soláthar gáis agat ach níl d'Uimhir Thagartha Ghásphointe (GPRN) agat.
  • ** Glaoigh ar ESB Networks ar 1850 372 757 mura bhfuil d'Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) agat.
  • Má tá an soláthar leictreachais dícheangailte le sé mhí anuas nó níos faide siar ná sin, ní mor duit Deimhniú Críochnaithe ETCI ó do chonraitheoir leictreach a chur ar fáil do ESB Networks.

Ceangal nua – Gás

Déan teagmháil le Gas Networks Ireland ar 1850 200 694 le hiarratas a dhéanamh ar cheangal nua gáis

Ansin, déan teagmháil le Electric Ireland ar 1850 372 787 (Luan go hAoine 09.00 go 17.30) nó cuir ríomhphost chugainn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

  • D'ainm
  • Do sheoladh 
  • Uimhir theagmhála
  • GPRN 
  • Sonraí íocaíochta
  • Uimhir na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (más infheidhme)
Déanfaimid thú a chlárú ansin mar chustaiméir de chuid Electric Ireland le haghaidh gáis.

Le do thoil, breathnaigh ar ár dtéarmaí agus coinníollacha 

Ceangal nua – Leictreachas

Déan teagmháil le ESB Networks ar 1850 372 757 le hiarratas a dhéanamh ar cheangal nua leictreachais.

Ansin, déan teagmháil le Electric Ireland ar 1850 372 787 (Luan go hAoine 09.00 to 17.30) nó cuir ríomhphost chugainn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

  • D'ainm
  • Do sheoladh 
  • Uimhir theagmhála
  • MPRN 
  • Sonraí íocaíochta
  • Uimhir na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (más infheidhme)
Ansin beidh tú cláraithe mar chustaiméir de chuid Electric Ireland le haghaidh leictreachais.

Le do thoil, breathnaigh ar ár dtéarmaí agus coinníollacha