Conas is féidir liom mo cheangal soláthair leictreachais a fháil?
Más rud é gur dícheanglaíodh an soláthar leictreachais chun do thí, nó má tá tú ag bogadh isteach i dteach nua nach bhfuil soláthar leictreachais nó gáis ann, ba cheart duit é seo a dhéanamh …
- Athcheangal leictreachais: Glaoigh orainn ar 1850 372 372. Beidh an chéad chéim eile ag brath ar cá fhad ó shin a ndearnadh an soláthar leictreachais a dhícheangal.
- Dícheangailte feadh tréimhse níos lú ná dhá bhliain: Glaoigh orainn ar 1850 372 327. Tabhair do d'aire: i gcás áitreabh atá dícheangailte feadh tréimhse níos faide ná sé mhí, ní mór conraitheoir leictreach a fháil leis an sreangú a sheiceáil agus a dheimhniú.
- Tithe atá dícheangailte feadh tréimhse níos faide ná dhá bhliain agus tithe nua féintógtha: Glaoigh ar ESB Networks ar 1850 372 757 agus faigh conraitheoir leictreach leis an sreangú a dheimhniú. Ansin líon isteach an fhoirm iarratais ar cheangail nua (PDF) agus seol chuig: Oifig Sheirbhísí ESB Networks, Bosca Poist 29, Caisleán an Gharraí, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí.
- Ceangal nua in eastát tithíochta nó in árasán nua: Ba cheart duit glaoigh ar ESB Networks ar 1850 372 757 le d'Uimhir Thagartha Phointe an Mhéadair (MPRN) a thabhairt dúinn. Gheobhaidh tú do MPRN ó do thógálaí.
- Cá mhéad a chosnóidh sé? Féach ar liosta na dtáillí ESB Networks maidir le ceangal soláthair.