Conas do mhéadar leictreachais a léamh
Conas méadar diosca imrothlaigh a léamh
Méadar Caighdeánach
Breac síos an uimhir atá ann, ag léamh ó chlé go deas. Déan neamhaird ar fhigiúirí ar bith atá dearg nó figiúirí a bhfuil bosca dearg timpeall orthu
Cuimhnigh go mbeidh dhá mhéadar den chineál seo ann má tá taiscthéitheoirí agat.
(image) Méadar lae agus oíche
Tabhair faoi deara: Leis na méadair seo, uaireanta bíonn na huimhreacha '1' agus '2' nó na huimhreacha Rómhánacha 'I' agus 'II' in aice le gach clár. Baineann na huimhreacha seo leis an gclár Oíche agus leis an gclár Lae faoi seach.
Cuirtear na muirir oíche i bhfeidhm idir 11 p.m. agus 8 a.m. (geimhreadh) agus idir meán oíche agus 9 a.m. (samhradh)
(image) Méadar Éavatach
Is féidir an méadar éavatach a aithint thar mhéadar caighdeánach nó thar dúnta toisc go mbíonn na litreacha 'kVArh' scríofa gar don chlár.
(image) Méadar digiteach a léamh
Méadar Caighdeánach
Ba cheart duit na huimhreacha a léamh ó chlé go deas agus déan neamhaird ar aon fhigiúir ar thaobh na láimhe deise den phointe deachúlach.
Athraíonn an scáileán taispeána go huathoibríoch gach 9 soicind chun 20 cineál léamha méadair éagsúla a thaispeáint duit. Molaimid dár gCustaiméirí Uaséilimh na léamha a thógáil mar seo a leanas…
I gcás custaiméirí eile, ba cheart dóibh léamha a thógáil ó…
- Scáileán 9: Normálta (nó Lá)
- Scáileán 10: Oíche
- Scáileán 11: Éavatach
(image) Méadar ABB/GEC PPM
Athraíonn an scáileán taispeána ar an méadar seo go huathoibríoch gach sé soicind chun 13 cineál léamha méadair éagsúla a thaispeáint duit.
Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil praghasphlean Ilfhóinteach agus Ráta Oíche acu léamha a thógáil ó…
- Scáileán 11: Oíche
- Scáileán 12: Normálta (nó Lá)
- Scáileán 13: Éavatach
Tabhair faoi deara: ní féidir le custaiméirí Uaséilimh léamha a thógáil ón méadar seo.
(image)