Treoir maidir le do bhille leictreachais nó gáis Electric Ireland a íoc
D'fhonn teacht le do riachtanais ghnó, cuirimid raon solúbtha roghanna íocaíochta ar fáil duit anois. Féach ar liosta na roghanna seo thíos:
Dochar Díreach
Is é Dochar Díreach an modh is simplí le do bhille a íoc.
Níl ag teastáil ach…
- Cuntas bainc i bPoblacht na hÉireann ar féidir Dochar Díreach a shocrú air
- Uimhir do chuntais Electric Ireland (le fáil ar do bhille)
- D'uimhir IBAN agus do chód BIC (gheofar iad ar do ráiteas bainc)
Má thosaíonn uimhir do chuntais leis an uimhir ‘9’ déan an
sainordú seo a chomhlíonadh le do thoil
le cur ar ais chugainn ag:
Dochair Díreacha,
Electric Ireland,
Bosca Oifig Phoist 322,
Aonad na Seirbhísí Seachadta Shligigh,
Páirc Ghnó Fhionasclainn,
Sligeach.
Má thosaíonn uimhir do chuntais leis an uimhir ‘2’ déan an
sainordú seo a chomhlíonadh le do thoil
le cur ar ais chugainn ag:
Electric Ireland,
Cearnóg Swift,
An Choill Thuaidh,
Seantrabh,
Baile Átha Cliath 9.
Cárta Dochair/Creidmheasa
Leis an modh íocaíochta seo, níl ag teastáil uait ach….
- Cárta Dochair/Creidmheasa Éireannach atá bailí
- Uimhir do chuntais leictreachais agus/nó gháis Electric Ireland.
Tabhair faoi deara gur féidir leat do
Chárta Dochair/Creidmheasa Éireannach a úsáid anois le do bhille a íoc ar líne.
Ríomhaistriú Airgid (EFT)
Le Ríomhaistriú Airgid a shocrú le haghaidh do bhille leictreachais/gáis ní mór go mbeidh na sonraí seo a leanas ag do bhanc…
- Uimhir do chuntais Leictreachais agus/nó Gháis
- Ár nUimhir IBAN: IE36AIBK93208681900087
- Ár nUimhir BIC: AIBKIE2D
D'fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula dtaispeánfar íocaíochtaí ar do chuntas Electric Ireland.
Tríd an bpost
Má bhíonn tú ag íoc tríd an bpost, seol do sheic (iníoctha le Electric Ireland), in éineacht le do dhuillín comhlánaithe don Aistriú Creidmheasa Gíoró Bainc (le fáil ag bun do bhille leictreachais), chuig:
Electric Ireland
Cearnóg Swift,
An Choill Thuaidh,
Seantrabh,
Baile Átha Cliath 9